Skip to content

Cén fáth a bhfuil gá le hionstraim idirnáisiúnta paindéime?

Dúshlán domhanda is ea paindéim COVID-19. Ní féidir le rialtas ná institiúid leis nó léi féin aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a bhainfeadh le paindéimí amach anseo.

Bíonn coinbhinsiúin, comhaontuithe agus ionstraimí idirnáisiúnta eile ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta. Le comhaontú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt paindéimí a ghlacfaí faoin Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), chuirfí ar chumas tíortha ar fud an domhain acmhainneachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus domhanda a neartú mar aon le hathléimneacht i gcoinne paindéimí amach anseo.

Ina theannta sin, le hionstraim den sórt sin dhéanfaí an méid seo a leanas:

  • rannpháirtíocht pholaitiúil mhéadaithe, inbhuanaithe agus fhadtéarmach a áirithiú ar leibhéal na gceannairí stáit nó rialtais domhanda
  • próisis agus cúraimí soiléire a shainiú
  • tacaíocht fhadtéarmach ón earnáil phoiblí agus phríobháideach a neartú ar gach leibhéal
  • comhtháthú cúrsaí sláinte a chothú i ngach réimse beartais ábhartha
Ní mór dúinn timpeallacht a chruthú inar féidir le gach eolaí, oibrí sláinte, agus gach rialtas teacht le chéile ar mhaithe le leas an choitinn. Ag obair as lámh a chéile chun réitigh nua a fhorbairt chun na nithe sin is luachmhaire againn a chosaint – an tsláinte agus an bheatha. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag Fóram Síochána Pháras, an 25 Deireadh Fómhair 2021

Cad é an cuspóir atá le comhaontú idirnáisiúnta ar phaindéimí?

Tá meon na dlúthpháirtíochta comhchoitinne, bunaithe ar phrionsabail na cothroime, na cuimsitheachta agus na trédhearcachta, mar threoir ag an togra le haghaidh ionstraim idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt paindéimí.

Ní féidir le rialtais aonair ná le pobal an domhain paindéimí a chosc go hiomlán. Ach ní mór don phobal idirnáisiúnta a bheith ullmhaithe i bhfad níos fearr agus comhordaithe níos fearr chun freagairt ar phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar feadh thimthriall iomlán an bhraite, an aláraim agus na freagartha.

Leagfaí amach san ionstraim na cuspóirí agus na bunphrionsabail chun struchtúr a chur ar an ngníomhaíocht chomhchoiteann is gá le paindéimí a chomhrac.

Bheadh na príomhchúraimí seo a leanas agus tacaíocht dóibh ag baint le coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile maidir le paindéimí:

  • paindéimí a bhrath agus a chosc go luath
  • athléimneacht i gcoinne paindéimí amach anseo
  • freagairt ar aon phaindéim amach anseo, go háirithe trí rochtain uilíoch chothrom ar réitigh leighis a chinntiú, amhail vacsaíní, cógais agus diagnóisic
  • creat idirnáisiúnta sláinte níos láidre agus EDS ina údarás comhordúcháin air i dtaca le cúrsaí sláinte domhanda
  • an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’, ag nascadh sláinte na ndaoine, na n-ainmhithe agus ár bpláinéid

Go sonrach, féadfaidh ionstraim den sórt sin feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta i roinnt réimsí tosaíochta, amhail faireachas, foláirimh agus freagairt, ach, chomh maith leis sin, féadfaidh sé feabhas a chur ar iontaoibh an phobail as an gcóras idirnáisiúnta sláinte tríd is tríd.

Léaráid: ionsar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí a bhaint amach. Oibrí ag caitheamh masc agus cailín óg ag féachaint trí theileascóp le cruinneog taobh thiar díobh.
An comhaontú domhanda maidir le paindéimí i mbeagán focal (Grafaic faisnéise)

An comhaontú domhanda maidir le paindéimí i mbeagán focal (Grafaic faisnéise)

Cad iad na príomhdhreasachtaí agus na príomhshocair a d’fhéadadh a bheith ann?

Faireachas níos fearr ar rioscaí paindéimí

Ar mhaithe le paindéimí amach anseo a chosc, tá sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar rioscaí agus, go háirithe, eolas faoi ghalair thógálacha nua a leathann ó ainmhithe go daoine a chomhroinnt.

D’fhéadfaí sin a bhaint amach tríd an méid seo a dhéanamh:

  • méadú ar an acmhainneacht saotharlainne agus faireachais atá riachtanach chun galair ainmhithe a shainaithint i ngach tír
  • comhar feabhsaithe idir lárionaid taighde ar fud an domhain
  • comhordú níos fearr ar chistiú idirnáisiúnta le haghaidh croí-acmhainneachtaí

Foláirimh níos fearr

Dá dtabharfaí isteach tuilleadh leibhéal foláirimh a bheadh i gcomhréir le méid na mbagairtí sláinte, thiocfadh feabhas ar chruinneas na cumarsáide maidir le bagairtí don tsláinte phoiblí. Chuirfeadh sin le trédhearcacht agus dlisteanacht beart sriantach nó beart a bhaineann leis an tsláinte.

Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus uirlisí nuálacha chun sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt chomh maith le hanailísíocht thuarthach tacú le cumarsáid fíor-ama agus le luathrabhaidh, rud ba cheart a bheith ina gcúis le freagairt níos gasta.

Freagairt níos fearr

Soláthairtí agus seirbhísí sláinte

Mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19, ní mór do shlabhraí soláthair domhanda agus córais lóistíochta dhomhanda a bheith níos athléimní chun dul i ngleic le bagairtí sláinte domhanda. Ba cheart rochtain gan bhriseadh a bheith ag gach tír ar sholáthairtí, cógais agus trealamh riachtanach ó áit ar bith ar domhan.

D’fhéadfadh comhordú domhanda ar mhaithe le stoc-charnadh éifeachtach freagairt ar phaindéimí a éascú freisin. Céim chun tosaigh sa tslándáil sláinte dhomhanda a bheadh i gceist leis an gcumas trealamh leighis agus foirne leighis idirnáisiúnta ardoilte a imscaradh ar an talamh.

An taighde agus an nuálaíocht

Léirigh paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé don phobal eolaíochta slógadh go tapa agus don tionscal a bheith in ann a acmhainneacht mhonaraíochta a uas-scálú go pras.

Cur chuige a bheadh comhordaithe ar bhonn domhanda i leith aimsiú, forbairt agus soláthar réiteach leighis éifeachtach sábháilte, amhail vacsaíní, cógais leighis, diagnóisic agus trealamh cosanta, rachadh sé chun tairbhe don tslándáil sláinte comhchoitinne.

Is den ríthábhacht pataigíní, samplaí bitheolaíocha agus sonraí géanómaíocha a roinnt agus chomh maith leis sin réitigh leighis thráthúla (vacsaíní, cóireálacha agus diagnóisic) a fhorbairt chun ullmhacht chun paindéime ar an leibhéal domhanda a fheabhsú.

Sásraí freagartha níos fearr

Tá an baol ann go gcuirfidh neamhionannais sa rochtain ar vacsaíní, ar chógais leighis agus ar dhiagnóisic fad le paindéimí agus go mbeidh tionchar níos tubaistí fós acu ar bheatha agus sláinte an duine agus ar ár sochaithe agus ár ngeilleagair chomh maith.

Bhainfeadh an comhaontú leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ón Luasaire maidir le Rochtain ar Uirlisí COVID-19 (ACT-A), COVAX agus ionstraimí comhchoiteanna eile a forbraíodh ó thús phaindéim COVID-19, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhomhanda, ar bhealach níos cothroime, le linn paindéimí sa todhchaí.

Cur chun feidhme níos fearr

Tá athléimneacht na gcóras náisiúnta sláinte poiblí ríthábhachtach i dtaca le paindéim a chomhrac. Ní mór do thíortha a bheith in ann brath ar a gcórais sláinte poiblí chun freagairt go héifeachtach ar ráig phaindéime. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach le sásra tuairiscithe tíre níos stóinsithe, mar aon le trí úsáid níos forleithne a bhaint as cómheastóireachtaí seachtracha agus obair leantach níos fearr a dhéanamh.

Muinín as an gcóras idirnáisiúnta sláinte a athbhunú

Chinnteofaí leis an gcomhaontú go mbeadh níos mó trédhearcachta, níos mó cuntasachta agus níos mó freagrachta comhroinnte sa chóras idirnáisiúnta.

Thairis sin, leagfaí síos an bonn leis le haghaidh cumarsáid agus faisnéis níos fearr do na saoránaigh. Is bagairt í an mhífhaisnéis do mhuinín an phobail agus tá baol ann dá barr go mbainfí an bonn de fhreagairtí sláinte poiblí. Chun muinín na saoránach a fhuascailt, ba cheart foráil a dhéanamh do bhearta nithiúla chun sreabhadh na faisnéise iontaofa cruinne a fheabhsú agus chun dul i ngleic leis an mífhaisnéis ar fud na cruinne.

Léaráid: 10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí
10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí (Grafaic faisnéise)

10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí (Grafaic faisnéise)

Sa Chomhairle

Ghlac an Chomhairle an 20 Bealtaine 2021 cinneadh go dtacódh sí le seoladh na caibidlíochta do chomhaontú idirnáisiúnta maidir le comhrac paindéimí, faoi chuimsiú mholtaí EDS.

An 3 Márta 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí.

Déanann an Coimisiún, maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, an comhaontú a chaibidil thar ceann an Aontais, bunaithe ar threoracha caibidlíochta na Comhairle.

Leis an ionstraim sin, thacófaí le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an tslándáil sláinte dhomhanda a threisiú, go háirithe maidir le hullmhacht agus freagairt d’éigeandálaí sláinte, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim.

Le linn na Comhairle Eorpaí an 25 Márta 2022, bhreathnaigh ceannairí an Aontais ar an obair a rinneadh ar an ionstraim a bheidh ann amach anseo chun cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí a neartú, ionstraim atá le glacadh faoin Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).

An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) in 1948 agus bhí an sainordú aici gníomhú mar údarás stiúrtha agus comhordúcháin ar obair sláinte idirnáisiúnta. Tá 194 bhallstát inti, i sé réigiún, agus níos mó ná 150 oifig, agus oibríonn sí chun sláinte níos fearr a bhaint amach do gach duine, i ngach áit.

Cúlra

D’fhógair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, an togra le haghaidh conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí den chéad uair ag Fóram Síochána Pháras i mí na Samhna 2020.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag Fóram Síochána Pháras, an 12 Samhain 2020
Ní mór dúinn dul níos faide agus na ceachtanna ón bpaindéim a fhoghlaim. Feicimid go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith in ann gníomhú níos tapúla agus ar bhealach níos comhordaithe chun a chinntiú go mbeidh trealamh leighis ar fáil agus chun faisnéis a mhalartú le chéile go han-tapa chun ár saoránaigh a chosaint mar is fearr is féidir linn.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag Fóram Síochána Pháras, an 12 Samhain 2020
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag Fóram Síochána Pháras, an 12 Samhain 2020

Chuir ceannairí G7 an iarraidh sin ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí chun suntais freisin sa ráiteas uathu an 19 Feabhra 2021.

Chomhaontaigh ceannairí an Aontais go n-oibreoidís ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí an 25 Feabhra 2021.

Táimid tiomanta an tslándáil dhomhanda sláinte a chur chun cinn, i measc eile, tríd an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a neartú agus trí obair a dhéanamh chun conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí a bhaint amach faoin chuimsiú na heagraíochta sin. Ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí, an 25 Feabhra 2021

Ag an gComhthionól Domhanda Sláinte, ghlac 194 chomhalta EDS an 31 Bealtaine 2021 an cinneadh chun conradh nua idirnáisiúnta ar phaindéimí a phlé ag seisiún speisialta ag tosú an 29 Samhain 2021.

An 1 Nollaig 2021, tháinig 194 chomhalta na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar chomhaontú maidir le tús a chur leis an bpróiseas chun coinbhinsiún, comhaontú nó ionstraim idirnáisiúnta eile a dhréachtú agus a chaibidil faoi Bhunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte chun cosc, ullmhacht agus freagairt paindéime a neartú.

Bunaíodh comhlacht caibidlíochta idir-rialtasach chun obair a dhéanamh ar an gcaibidlíocht. I gcomhthráth leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú paindéime, tá leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta á bplé ag na rialtais freisin.

Conradh nua idirnáisiúnta ag teastáil ó cheannairí domhanda chun feabhas a chur ar an bhfreagairt ar phaindéimí

An 30 Márta 2021, tháinig ceannairí ó gach cearn den domhan le chéile le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel agus le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, an Dr. Tedros Adhanom Ghebreyesus, agus d'iarr go ndéanfaí conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí lena mbainfí leas as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19.

Tiocfaidh paindéimí eile agus éigeandálaí sláinte tromchúiseacha eile. Cathain a bheidh paindéim eile, sin an cheist seachas an mbeidh paindéim eile ann. Caithimid oibriú le chéile lena bheith ullamh chun paindéimí a thuar, a chosc, a bhrath, a mheasúnú agus chun freagairt orthu, ar bhealach éifeachtach comhordaithe. Chuige sin, creidimid gur cheart do na náisiúin oibriú i gcomhar le chéile chun conradh idirnáisiúnta nua um ullmhacht agus freagairt phaindéimeach a bhunú. Glao comhpháirteach ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí
Glao oscailte ar chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí
Ba iad an Dr Tedros Adhanom Ghebreyesus agus Charles Michel a chuir ar shon chonradh idirnáisiúnta ar phaindéimí

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024