- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 17 Feabhra 2014
Féachann an Chomhairle ar chur chun cinn táirgí talmhaíochta san Aontas agus i bhfad i gcéin
Earnáil agraibhia an Aontais
Maidir le monaraíocht san Aontas, is í an earnáil agraibhia an earnáil is mó a chuireann fostaíocht ar fáil, le 4.2 milliún post agus láimhdeachas de €954 billiún. Is féidir leis an Aontas Eorpach a mhaíomh go n-allmhairítear agus go n-onnmhairítear níos mó táirgí agraibhia san Aontas ná áit ar bith eile ar domhan. A mhéid a bhaineann sé le cion na n-onnmhairí agus na n-allmhairí ar fud an domhain, tá an tAontas i gcomórtas leis na Stáit Aontaithe le bheith ar bharr an liosta, mar a bhfuil cion an Aontais ionann is 18% agus 20% faoi seach.
An 17 Feabhra 2014, phléigh Airí talmhaíochta an Aontais dréacht-rialachán atá dírithe ar an mbeartas faisnéise agus fógraíochta a athchóiriú i dtaca le táirgí talmhaíochta an Aontais.
Leis an togra, táthar ag iarraidh margaí nua a fhorbairt agus a dhaingniú san Aontas agus i dtíortha nach baill den Aontas iad, trí chur le feasacht na dtomhaltóirí i dtaca le cáilíocht táirgí talmhaíochta an Aontais. Chun é sin a bhaint amach, tá sé i gceist uirlisí nua fógraíochta a chruthú agus gníomhaíochtaí an Aontais a dhíriú ar tháirgí agus ar mhargaí a bhfuil tosaíocht acu.
Sa phlé a rinne siad, d'fhéach na hAirí ar bhealaí éagsúla chun táirgí a chur chun cinn go héifeachtúil ar an margadh inmheánach agus phléigh siad an bhféadfaí cómhaoiniú náisiúnta a fháil chun an beartas sin a mhaoiniú.
Faoin togra, thiocfadh ardú ar bhuiséad an bheartais ó €61.5 milliún in 2013 go €200 milliún in 2020. Tá sé ar intinn ag an gComhairle teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa roimh na toghcháin Eorpacha a reáchtálfar i mí na Bealtaine 2014.
Ábhair eile ar an gclár oibre
"Bia folláin - sláinte bradáin"
Chuir an Coimisiún Eorpach togra faoi bhráid na nAirí maidir le dhá scéim ar leithligh do scoileanna, atá ann le fada an lá, a thabhairt le chéile, is é sin le rá na scéimeanna faoina dtugtar bainne fóirdheontais agus torthaí fóirdheontais do dhaltaí scoile san Eoraip.
Leis an tionscadal "Bia folláin - sláinte bradáin", tugtar an Scéim Torthaí do Scoileanna agus an Scéim Bainne do Scoileanna le chéile chun an rómhaorlathas a laghdú agus chun dul i ngleic leis na heasnaimh a sainaithníodh roimhe seo.
Tá sé i gceist leis an tionscadal nósanna itheacháin a athrú, trí leanaí a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le réim shláintiúil bia agus trí chur leis an raon táirgí atá ar fáil. Is é is aidhm dó, dul i ngleic leis an meath atá ag teacht ar thomhailt torthaí, glasraí agus bainne agus dul i ngleic freisin leis an murtall.
Beidh buiséad de €230 milliún in aghaidh na scoilbhliana ag an scéim nua comhpháirteach.
Earnáil déiríochta an Aontais
Phléigh an Chomhairle freisin an staid mar atá in earnáil déiríochta an Aontais agus an méid atá i ndán dó ó 2015 ar aghaidh, tráth a rachaidh na cuótaí bainne in éag.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Magdalena Walczak-Jarosz Press officer
- +32 471 33 57 03
- +32 2 281 80 79
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinniú ar bith
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025