- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 24 Márta 2014
Pléann an Chomhairle bearta athnuaite chun táirgí talmhaíochta an Aontais a chur chun cinn
Ag teacht le chéile di an 24 Márta, phléigh an Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach cur chun cinn táirgí talmhaíochta agus tionscnamh táirgí feola a thaispeáint ar an lipéad
Táirgí talmhaíochta a chur chun cinn
Bhí díospóireacht bheartais ag na hAirí faoin rialachán atá beartaithe maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn i gcás táirgí talmhaíochta. Leis an togra, a pléadh freisin ag an gcruinniú deireanach a bhí ag an gComhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach i mí Feabhra, táthar ag iarraidh bearta cur chun cinn an Aontais a thabhairt ar aon dul leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) athchóirithe.
Le linn na díospóireachta, thacaigh formhór na mBallstát le togra comhréitigh ón Uachtaránacht, agus bhí siad i bhfabhar ráta maoiniúcháin an Aontais a ardú freisin. Scrúdóidh an Coiste Speisialta um Thalmhaíocht na leasuithe atá beartaithe ag Parlaimint na hEorpa. Tabharfaidh sé sainordú ansin don Uachtaránacht dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint, chun an togra deiridh a ghlacadh sula rachaidh téarma na Parlaiminte in éag.
Tionscnamh na feola a úsáidtear mar chomhábhar a thaispeáint ar an lipéad
Thíolaic an Coimisiún tuarascáil, a foilsíodh i mí na Nollag 2013, ag féachaint an bhféadfaí síneadh a chur le lipéadú éigeantach tionscnaimh feola chun aon fheoil a úsáidtear mar chomhábhar a chumhdach freisin. Sa tuarascáil, scrúdaítear a riachtanaí atá sé go mbeadh tomhaltóirí ar an eolas agus pléitear an bhféadfaí forordú a thabhairt maidir le tionscnamh na feola a thaispeáint ar an lipéad. Déantar anailís freisin ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar an margadh aonair agus ar an trádáil idirnáisiúnta.
Léirigh an plé a rinne an Chomhairle go bhfuil tuairimí éagsúla ann fós maidir leis na 3 chás éagsúla i dtaobh tionscnamh na feola a thaispeáint ar an lipéad, a cuireadh i láthair sa tuarascáil. Tá go leor toscaireachtaí i bhfabhar lipéadú éigeantach a thabhairt isteach, ach ba mhian le cuid acu go gcuirfí tírshonrach AE nó neamh-AEin iúl, agus ba mhian le cuid eile acu trácht ginearálta tionscnamh AE/neamh-AE. Theastaigh ó chuid eile acu go bhfanfadh rudaí mar atá - is é sin le rá gur ar bhonn saorálach a thaispeánfaí an áit tionscnaimh ar an lipéad.
Scrúdóidh comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle an tuarascáil tuilleadh.
Togra maidir le feirmeoireacht orgánach
Chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas faoi thogra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil don táirgeadh orgánach agus d'fheirmeoireacht orgánach san Eoraip. Áirítear an méid a leanas sa togra nua:
- rialacha comhchuibhithe maidir le táirgeadh
- an ceanglas go mbeadh comhábhair thalmhaíochta i dtáirgí orgánacha próiseáilte go hiomlán orgánach
- ceanglas ar oibreoirí orgánacha eile seachas feirmeoirí córas a fhorbairt le feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil
- téacs aonair reachtach ina sonraítear an córas rialaithe
- córas le haghaidh deimhniúcháin ghrúpa isteach i gcás feirmeoirí a oibríonn ar mhionscála san Aontas
- forálacha sonracha ar mhaithe le hinrianaitheacht fheabhsaithe agus le calaois a chosc
Ábhair eile ar an gclár oibre
Iascach
Thug na hAirí dá n-aire an comhairliúchán idir na Stáit Chósta maidir le ronnach agus an comhairliúchán déthaobhach idir an tAontas agus an Iorua. Chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir leis an socrú cúig bliana do ronnach san Atlantach Thoir-Thuaidh, ar thángthas air an 12 Márta 2014, idir an tAontas Eorpach, Oileáin Fharó agus an Iorua. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir leis an ngabháil iomlán is incheadaithe (TAC) do 2014 i gcás na coirre gainimh.
Talmhaíocht
Phléigh na hAirí an méid atá i ndán don earnáil déiríochta nuair a thiocfaidh deireadh le córas na gcuótaí bainne in 2015. Bhreathnaigh an Chomhairle ar an tuarascáil maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí ó rinneadh an earnáil a athchóiriú in 2007.
Phléigh na hAirí an méid a leanas:
- tionscadal chun mil a chur chun cinn mar chuid de bhricfeasta daltaí scoile
- an toradh a bhí ar an bhFóram Domhanda maidir le Feirmeoireacht Teaghlaigh a bhí ar siúl i mBúdaipeist an 4-6 Márta
- na deacrachtaí atá i ndán d'earnáil na ríse san Aontas toisc go bhfuil ardú ag teacht ar allmhairí ríse muilleáilte
- bearta trádála chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025