"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 13 Feabhra 2020
Na príomhthorthaí
Sláinte
Tá freagairt pras agus éifeachtach tugtha ag an Aontas ar ráig COVID-19. Bhí comhar maith ar gach leibhéal agus idir na páirtithe ar fad lena mbaineann, ach ní féidir linn a bheith réchúiseach faoi. Ní mór don Aontas gona Bhallstáit comhar níos dlúithe a áirithiú laistigh den Aontas.
Vili Beroš, Aire Sláinte na Cróite
Ar bhonn nóta stiúrtha ón uachtaránacht, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le himpleachtaí na ráige de chásanna d’ionfhabhtú COVID-19. Phléigh siad freisin na bearta agus na gníomhaíochtaí atá idir lámha mar fhreagairt, agus conas a gcomhar a neartú i réimse na sláinte poiblí.
Glac na hairí conclúidí maidir le COVID-19, á rá gur dhíol sásaimh dóibh freagairt éifeachtach an Aontais ar bhagairt na paindéime, agus iarrann siad comhar níos fearr ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.