Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 08/07/2019, 8 Iúil 2019

Na príomhthorthaí

Fostaíocht agus Beartas Sóisialta

Príomhphointí ón gComhairle Fostaíochta agus Beartais Shóisialta ar an 8 Iúil 2019

Bhí díospóireacht bheartais phoiblí ag na hairí maidir le geilleagar na folláine. Bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht a bhí an plé.

Angel Gurria, Ardrúnaí an OECD, a chuir tús leis an díospóireacht. Chuir sé i láthair a bhfuil faighte amach ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta faoin gceist, mar a leagtar amach i nóta cúlra a choimisiúnaigh Uachtaránacht na Fionlainne.

Ba mhithid a leithéid de dhíospóireacht a bheith ann. I láthair na huaire, tá fás leanúnach eacnamaíoch agus ardleibhéil fostaíochta san Aontas. Ach cá fhad a mhairfidh sin? Is iad na daoine ár bpríomhacmhainn; ní féidir fás inbhuanaithe fadtéarmach a bhaint amach gan a bhfolláine siúd a fheabhsú. Aino-Kaisa Pekonen, Aire Gnóthaí Sóisialta agus Sláinte na Fionlainne
Ceithre dhuilleog agus siombail orthu a sheasann do chosaint shóisialta, comhionannas inscne, cúram sláinte, oideachas agus oiliúint
Geilleagar na dea-bhaile: thar a bhfuil sa OTI (Grafaic faisnéise)

Geilleagar na dea-bhaile: thar a bhfuil sa OTI (Grafaic faisnéise)

D’fhormheas na hairí moltaí tír-shonracha faoi fhreagracht an EPSCO.

Glacfaidh an Chomhairle na moltaí tír-shonracha go foirmiúil ag cruinniú de chuid ECOFIN ar an 9 Iúil.

Ina theannta sin, d'fhormhuinigh na hairí tuairimí EMCO agus SPC:

Déantar iontu siúd measúnú ar na dúshláin a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus leis an gcosaint shóisialta sna cláir náisiúnta um athchóiriú don bhliain 2019 agus scrúdú ar chur chun feidhme mholtaí tír-shonracha 2018.

Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát.

Bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí na gnéithe sin den straitéis 'Pláinéad Glan do Chách' a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus beartais phoiblí, bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht.

Is dearbhú í díospóireacht an lae inniu ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí san áireamh an tionchar sóisialta a ghabhann leis an aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach. Ní mór dúinn léas dóchais a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa, misneach a thabhairt don lucht saothair scileanna agus inniúlachtaí nua a shealbhú, deiseanna nua gnó a chur ar fáil d'fhiontraithe, agus tacaíocht a thabhairt do na hearnálacha agus na comhphobail sin a bhfuil orthu dul in oiriúint le geilleagar inbhuanaithe. Aistriú cóir – cuspóir comhchoiteann agus leas ríthábhachtach. Timo Harakka, Aire Fostaíochta na Fionlainne

Aon ghnó eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le forbairtí idirnáisiúnta i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025