Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 13-14/06/2019, 13-14 Meitheamh 2019

Na príomhthorthaí

Sláinte (Dé hAoine 14 Meitheamh 2019)

Ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle maidir leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac (AMR).

Sorina Pintea, Aire Sláinte na Rómáine
Dearbhaítear arís, i gconclúidí an lae inniu, gur ardtosaíocht ag an Aontas an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac. Ba ceart tacú le dua na mBallstát agus iad ag iarraidh an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac. Ach ní mór dóibh féin níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta – frithmhiocróbaigh nua a fhorbairt, úsáid na n-antaibheathach a laghdú, agus tuiscint an phobail agus gairmithe sláinte ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a mhéadú.
Sorina Pintea, Aire Sláinte na Rómáine
Sorina Pintea, Aire Sláinte na Rómáine

Ina theannta sin, roinn na hairí a dtuairimí le chéile maidir le bealaí a bhféadfar an úsáid is éifeachtaí a bhaint as cistí an Aontais d'infheistíochtaí sláinte-ghaolmhara.

Is mar chuid den idirphlé a bhaineann leis na huirlisí maoiniúcháin nua de chuid an Aontais a chuirfear ar bun faoin gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais a d'ullmhaigh an Uachtaránacht an díospóireacht.

Aon ghnó eile

Thug toscaireacht na hÉireann agus toscaireacht na Gearmáine tuairisc ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis (MDR).

Dúirt cuid mhaith de na toscaireachtaí go raibh imní orthu nach mbeifí ullamh in am leis an rialachán a chur chun feidhme faoi Bhealtaine 2020.

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid reatha na himeartha i dtaca leis an Rialachán atá beartaithe maidir le measúnú ar theicneolaíochta na sláinte.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin mbruitíneach san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin gclár oibre a bheidh ag Uachtaránacht nua na Fionlainne i réimse na sláinte.

Príomhphointí – An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (saincheisteanna sláinte) 14/06/2019

Cúrsaí fostaíochta agus beartas sóisialta (Déardaoin 13 Meitheamh 2019)

Bhí díospóireacht ar bheartais phoiblí ag na hairí maidir leis na gnéithe sin den Seimeastar Eorpach 2019 a bhaineann le cúrsaí fostaíochta agus beartais shóisialta, bunaithe ar an nóta a d'ullmhaigh an Coiste Fostaíochta (EMCO) agus an Coiste um Chosaint Shóisialta (SPC). Beidh torthaí na díospóireachta sin ina gcuid den ionchur ag an idirphlé a dhéanfar ag an gComhairle Eorpach ar an 21-22 Meitheamh.

Bunaithe ar cheisteanna, a réitigh an Uachtaránacht, a bhí an díospóireacht.

Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le cur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir dhaoine beag beann ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach.

Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a iamh.

Marius-Constantin Budai, Aire Saothair agus Ceartais Shóisialta na Rómáine
Tosaíocht anois agus feasta ag an Aontas gona Bhallstáit is ea an bhearna phá idir na hinscní a iamh. Ach tá an bhearna phá sin idir na hinscní san Aontas – 16% – fós an-ard. Ní leor an pá céanna ar an obair chéanna a thabhairt isteach: ní mór a áirithiú go mbeidh an comhionannas ann i gcúrsaí oideachais, agus go mbeidh na dálaí ann a cheadóidh cothromaíocht níos fearr idir saol na hoibre agus an saol baile d'fhir agus do mhná araon.
Marius-Constantin Budai, Aire Saothair agus Ceartais Shóisialta na Rómáine
Marius-Constantin Budai, Aire Saothair agus Ceartais Shóisialta na Rómáine

Ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le saol athraitheach na hoibre.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

Agus cruinniú na Comhairle ar siúl

Is í an Bhratasláiv (sa tSlóvaic) atá roghnaithe mar shuíomh don Údarás Eorpach Saothair a bheidh ann amach anseo. De chomhthoil, agus cruinniú na Comhairle ar siúl, a ghlac ionadaithe na mBallstát an cinneadh maidir le suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair.

Aon ghnó eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin gcothromaíocht inscne ar bhoird bainistíochta comhlachtaí.

Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil faoi dhá thogra reatha reachtacha:

  • An Rialachán maidir le Staidreamh Sóisialta na hEorpa
  • Athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta (883/04 agus 987/09).

Leanfar den obair ar an dá chomhad le linn Uachtaránacht na Fionlainne.

Chuir toscaireacht Mhálta na hairí ar an eolas faoin túsáitiú atá á dhéanamh ar an inscne-bhuiséadú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Clár oibre uachtaránacht nua na Fionlainne

Chuir toscaireacht na Fionlainne i láthair a cuid tosaíochtaí i réimse na fostaíochta agus an bheartais shóisialta.

Príomhphointí na Comhairle Fostaíochta agus Beartais Shóisialta ar an 13 Meitheamh 2019

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025