Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil na n-airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta, 5 Bealtaine 2020

Ní fhacthas riamh cheana leithéid phaindéim COVID-19, agus tá impleachtaí fadréimseacha aici don tsochaí ina hiomláine, go háirithe i réimse na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta.

Bhí físchomhdháil ag airí an Aontais atá freagrach as fostaíocht agus gnóthaí sóisialta chun an méid a leanas a phlé:

  • Na dúshláin dhéimeagrafacha a bhaineann le paindéim COVID-19 agus níos faide anonn
  • na bearta náisiúnta a rinneadh nó atá beartaithe chun drochiarmhairtí na géarchéime ar mhargaí an tsaothair agus ar an ngeilleagar a mhaolú

Toradh na díospóireachta curtha san áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach faoi thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh, i bhfianaise na paindéime atá ann faoi láthair chomh maith.

Ina theannta sin, bhí malartú tuairimí faoi na bearta scoir agus téarnaimh a rinneadh agus a foráladh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Is é seo an dara físchomhdháil faoi réimse na fostaíochta agus faoin réimse sóisialta, tar éis na comhdhála a tionóladh ar an 19 Márta 2020.

Tar éis an chruinnithe, d'fhoilsigh Uachtaránacht na Cróite achoimre ar na torthaí:

Físchomhdháil na n-airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025