Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 6 Márta 2020

Príomhthorthaí

Ar bhonn nóta ón Uachtaránacht, thug na hairí dá n-aire an staid mar atá faoi láthair, a bhfuil athrú suntasach tagtha air le roinnt seachtainí anuas. Bhí malartú tuairimí acu maidir leis an mbealach is fearr chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar an ráig COVID-19 atá san Aontas faoi láthair.

Vili Beroš, Aire Sláinte na Cróite
Is í cosaint na sláinte poiblí an tosaíocht is mó atá againn. Bhí freagairt an Aontais ar an ráig agus ar an gcomhar idir na páirtithe uile an-mhaith, ach tá athrú tagtha ar chúrsaí. Léiríodh sa díospóireacht a bhí againn go bhfuil na Ballstáit réidh chun a bhfreagairt a oiriúnú, chun a gcomhar a neartú agus chun tabhairt faoi na bearta iomchuí chun díriú ar chosc agus ar chóireáil araon.
Vili Beroš, Aire Sláinte na Cróite
Vili Beroš, Aire Sláinte na Cróite

Dearbhaíodh sa díospóireacht gurb é an bealach is fearr chun sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint ná an dlúthpháirtíocht, an comhar agus an malartú eolais a neartú i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh ag cruinniú na Comhairle an 13 Feabhra 2020.

D'aontaigh na hairí go raibh sé tábhachtach, chun an ráig COVID-19 a chomhrac, feasacht chomhchoiteann agus aonair a ardú a thuilleadh faoin mbagairt ó COVID-19, cosaint na ndaoine atá i mbaol agus daoine scothaosta a neartú, agus bearta comhleanúnacha srianta a bhunú, comhairle fhianaisebhunaithe maidir le taisteal chuig agus ó limistéir riosca san áireamh. Leag na hairí béim freisin ar an ngá atá le faireachán a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach ar infhaighteacht trealaimh leighis agus cógas san Aontas agus é mar aidhm leis sin táirgeadh, stocáil, infhaighteacht agus úsáid réasúnach trealaimh chosanta a chinntiú san Aontas.

Ba dhíol sásaimh do na toscaireachtaí an tacaíocht a thug an Coimisiún Eorpach go dtí seo, go háirithe maidir le sláinte phoiblí, taighde agus cosaint shibhialta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025