"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí sláinte, 5 Meitheamh 2026
Na príomhthorthaí
Ghlac airí sláinte an Aontais páirt i bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil chun an ráig de Víreas Bundibugyo Ebola (BVD) san Afraic Láir le déanaí a phlé.
Leagadh béim ag an gcruinniú ar luach na dlúthpháirtíochta Eorpaí i bhfianaise éigeandálaí sláinte poiblí. Trí shaineolas, bearta ullmhachta agus ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt, is féidir leis na Ballstáit ár n-athléimneacht chomhchoiteann a neartú agus freagairt chomhordaithe ar bhagairtí sláinte trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann a chinntiú, agus ag an am céanna oibriú chun tacú leis na tíortha is mó atá thíos leis an ráig.
Neophytos Charalambides, Aire Sláinte, Poblacht na Cipire
Chuir na hairí a measúnú ar an staid reatha ar fáil agus thug siad tuairisc ar bhearta atá á ndéanamh nó atá beartaithe ina mBallstáit. Chuir siad in iúl freisin go dtacaíonn siad le tuilleadhcomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun an staid a bhainistiú go héifeachtach agus chun tacú leis an bhfreagairt san Eoraip agus sa réigiún atá buailte araon, i gcomhréir leis an treoir a chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ar fáil.
Ghlac ionadaithe ó ECDC agus EDS, chomh maith le hionadaithe ón Iorua, ón Íoslainn agus ón Eilvéis, páirt san fhíschomhdháil freisin.
Cúlra
An 17 Bealtaine 2026, dhearbhaigh EDS gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig Ebola BVD san Afraic Láir faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta. Tá Plean Straitéiseach Ullmhachta agus Freagartha Aonair á fhorbairt ag EDS in éineacht le tíortha atá buailte agus tíortha comharsanachta chun iarrachtaí ullmhachta, maolaithe agus bainistithe ráigeanna a neartú.
Ar leibhéal an Aontais, tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag ECDC ar an staid agus measann sé go bhfuil na rioscaí ionfhabhtaithe san Aontas/LEE an-íseal. Tá comhairle eolaíoch á hullmhú ag ECDC maidir le bearta um ionfhabhtú a chosc agus a rialú agus tá measúnú á dhéanamh aige ar an dóchúlacht go n-allmhaireofar cásanna isteach san Aontas/LEE. Is é Coiste Slándála Sláinte an Aontais, faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, a chomhordaíonn mearfhreagairt an Aontais ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.