"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí atá freagrach as tithíocht, 3 Feabhra 2026
Na príomhthorthaí
Ghlac airí an Aontais atá freagrach as tithíocht páirt i bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil chun a dtuairimí tosaigh a roinnt maidir leis an bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne, arb é is aidhm dó tacú leis na Ballstáit a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine san Eoraip ar thithíocht inacmhainne, inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán.
Tá Uachtaránacht na Cipire lántiomanta feabhas a chur ar an idirphlé maidir le tithíocht inacmhainne ar an leibhéal Eorpach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta. Deis a bhí i gcruinniú an lae inniu na tuairimí tosaigh a roinnt, tuairimí lena bhfuil sé beartaithe againn cur chuige láidir Eorpach a chur chun cinn, trí eolas agus dea-chleachtais a roinnt, agus athruithe déimeagrafacha agus tosca níos leithne a mhúnlaíonn saol laethúil na saoránach ar fud an Aontais á gcur san áireamh ag an am céanna.
Konstantinos Ioannou, Aire Gnóthaí Baile Phoblacht na Cipire
Tar éis don Choimisinéir Dan Jørgensen an plean tithíochta a chur i láthair, d’éirigh roinnt airí chun príomhghnéithe an phlean a phlé agus samplaí de bheartais atá i bhfeidhm cheana ar an leibhéal náisiúnta a roinnt.
Ba dhíol sásaimh d’fhormhór mór airí tithíochta an Aontais plean an Choimisiúin, agus chuir siad i bhfios go láidir ag an am céanna gur gá dó freagracht na mBallstát as an mbeartas tithíochtaa urramú agus a chomhlánú. Leag roinnt cainteoirí béim ar an mbreisluach a ghabhann le tionscnaimh ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an obair atá ar siúl ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.
I measc na n-ábhar eile a ardaíodh bhí na tairbhí a d’fhéadfadh teacht as rochtain níos fearr ar thithíocht inacmhainne chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, éagsúlacht na gcóras tithíochta agus na ndálaí tithíochta i dtíortha agus i réigiúin éagsúla, agus gur gá díriú go háirithe ar thacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha sa phobal ar nós daoine óga agus teaghlaigh a bhfuil leanaí acu.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.