Na príomhthorthaí
Rinne ceannairí AE27, i bhformáid chuimsitheach, agus Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh scrúdú ar an staid eacnamaíoch.
Anuas air sin, phléigh na ceannairí an obair a rinne an Grúpa Euro maidir le neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), go háirithe:
- ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais (BICC) don limistéar euro
- athruithe ar an gconradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht (SCE)
- an t-aontas baincéireachta a neartú
Ba dhíol sásaimh don Chruinniú Mullaigh Euro an dul chun cinn atá déanta ag an nGrúpa Euro agus iarradh air leanúint ar aghaidh leis an obair ar ghnéithe uile an phacáiste.
![]()
Leanfaidh an Grúpa Euro, i bhformáid chuimsitheach, den obair ar an ionstraim bhuiséadach don limistéar euro, a chomhtháthófar, ar deireadh, i mbuiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh. Féachaimid le comhaontú ar an mbuiséad seo faoi dheireadh na bliana. Ina theannta sin, tá na ceannairí ag súil go gcuirfear bailchríoch ar chonradh SCE athbhreithnithe faoi dheireadh na bliana 2019.
Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro, Donald Tusk