Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

An Cruinniú Mullaigh Euro, 29/06/2018, 29 Meitheamh 2018

Na príomhthorthaí

Tháinig ceannairí an Aontais le chéile ag an gCruinniú Mullaigh Euro i bhformáid chuimsitheach 27 mBallstát.

Ghlac siad an chéad sraith de chinntí maidir le hathchóiriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, lena n-áirítear an ról a bheidh ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach amach anseo agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche.

D'aontaigh an Cruinniú Mullaigh Euro, mar a gealladh i mí na Nollag, go ndéanfaí cur i gcrích an aontais baincéireachta a bhrú chun cinn agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a neartú, lena n-áirítear socrú tacaíochta a thabhairt don Chiste Réitigh Aonair. Leis an athchóiriú seo ar an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, neartófar an euro, agus leis sin, ár nAontas. I saol corrach, is cúis lúcháire é seo do mhuintir na hEorpa go léir. Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk

Is díol sásaimh do na ceannairí ráiteas ón nGrúpa Euro an 22 Meitheamh 2018 maidir leis an sciar deiridh de chúnamh airgeadais a beith eisíoctha leis an nGréig agus maidir leis na bearta faoisimh i leith fiachais; tugann sin chun críche an cúnamh airgeadais don Ghréig.

Tiocfaidh na ceannairí le chéile arís ag Cruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025