Skip to content
  • Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Físchomhdháil na gcomhaltaí den Chruinniú Mullaigh Euro, 25 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Rinne na Ceannairí Stáit nó Rialtais ról idirnáisiúnta an euro a phlé le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), Christine Lagarde, agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe.

Tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú inar chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le staid an euro a neartú ar an leibhéal domhanda chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú, agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna, ag rannchuidiú le cobhsaíocht an chórais dhomhanda airgeadais, agus ag tacú le gnólachtaí agus líonta tí na hEorpa.

Chuir ceannairí an Aontais i bhfios go láidir gur gá téarnamh stóinsithe, cuimsitheach, inbhuanaithe. Chuir siad chun suntais an ról lárnach a bheidh ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a mhaoiniú agus acmhainneacht fáis an Aontais a mhéadú.

Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá ailtireacht fhónta airgeadais agus margaí airgeadais dea-fheidhmiúla.

Tá sé riachtanach i gcónaí an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, an tAontas Baincéireachta a chomhlánú agus dul chun cinn a dhéanamh ionsar fhíor-Aontas Margaí Caipitil. Ráiteas ó Chomhaltaí an Chruinnithe Mullaigh Euro, ag teacht le chéile dóibh i bhformáid chuimsitheach - an 25 Márta 2021

D’iarr na ceannairí go mbeadh earnáil airgeadais dhigitigh níos nuálaí agus córais íocaíochta níos éifeachtúla ann, agus go dtabharfaí obair chun cinn chun a fhiosrú an bhféadfaí euro digiteach a sheoladh.

D’iarr siad freisin go leanfaí den obair mhear chun fás mhargadh airgeadais glas an Aontais a spreagadh a thuilleadh agus chun ceannaireacht na hEorpa a chothú san aistriú glas.

Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige i mí an Mheithimh 2021, pléifidh an Cruinniú Mullaigh Euro na dúshláin eacnamaíocha don limistéar euro tar éis ghéarchéim COVID-19 agus déanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir leis an Aontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025