- Cruinniú Mullaigh faoin Euro
Cruinniú Mullaigh Euro, 18/10/2018, 18 Deireadh Fómhair 2018
Na príomhthorthaí
Ag an gCruinniú Mullaigh Euro, tháinig le chéile i bhformáid chuimsitheach 27 mBallstát, ceannairí an Aontais, Uachtarán an Ghrúpa Euro Mário Centeno agus Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh Mario Draghi. Pléadh an staid mar atá sa chaibidlíocht maidir le neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta de théisclim don Chruinniú Mullaigh i mí na Nollag.
Bhíomar ar aon intinn nach mór dlús a chur leis an obair theicniúil. Táimid ag iarraidh go mbeadh comhaontú ann faoin aontas baincéireachta agus SCE i mí na Nollag. Tá súil agam go dtabharfadh an plé a bhí againn inniu spreagadh don Grúpa Euro le go bhfeidhmeofaí ar shlí níos dinimiciúla. Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro, Donald Tusk
Cruinnithe Mullaigh Euro roimhe seo
Ag an gCruinniú Mullaigh Euro deireanach i mí an Mheithimh, ghlac ceannairí an Aontais an chéad sraith de chinntí maidir le hathchóiriú AEA, lena n-áirítear ról SCE agus comhlánú an aontais baincéireachta. Thug siad sainordú don Ghrúpa Euro na téarmaí tagartha maidir leis an gcúlstop coiteann a ullmhú agus teacht ar chomhaontú maidir le bileog téarmaí chun an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh a fhorbairt a thuilleadh faoi mhí na Nollag 2018.
I mí na Nollag 2017, chomhaontaigh ceannairí an Aontais gur cheart díriú ar na réimsí is mó ina mbíonn comhthoil. Ba cheart go ndéanfaí dul chun cinn céim ar chéim maidir le saincheisteanna amhail an t-aontas baincéireachta a chomhlánú agus SCE a fhorbairt difear mór d'athléimneacht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
Tá an t-athchóiriú ar an limistéar euro ar Chlár Oibre na gCeannairí, clár oibre nithiúil arb é is aidhm dó teacht as an tsáinn agus réiteach a fháil ar na dúshláin mhóra polaitiúla agus ar na tosaíochtaí atá ag an Aontas. Is é an tUachtarán Tusk a d'ullmhaigh Clár Oibre na gCeannairí, ar iarraidh ó cheannairí an Aontais ag cruinniú i dTaillinn na hEastóine i mí Mheán Fómhair 2017, agus tugtar treoir, leis an gclár sin, do ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh sa dá bhliain atá amach romhainn.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025