- Cruinniú Mullaigh faoin Euro
Cruinniú Mullaigh Euro, 22 Márta 2024
Na príomhthorthaí
An staid eacnamaíoch agus airgeadais
Phléigh ceannairí an Aontais an staid eacnamaíoch agus airgeadais.
I bhfianaise na gníomhaíochta ísle eacnamaíche sa ghearrthéarma agus an laghdaithe ar an mboilsciú, tá na dálaí reatha oiriúnach le haghaidh téarnamh de réir a chéile. I ndáil leis an méid sin, rinne na ceannairí an méid seo a leanas:
- leag siad béim ar a dhiongbháilte atá siad athléimneacht agus iomaíochas gheilleagar an Aontais a mhéadú
- d’iarr siad ar an nGrúpa Euro dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear i bhfianaise an athchóirithe ar an gcreat rialachais eacnamaíoch
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí freisin an dul chun cinn atá déanta ag an mBulgáir maidir leis an euro a ghlacadh amach anseo.
Margaí Caipitil
Tá margaí caipitil Eorpacha atá oscailte, dea-fheidhmiúil agus comhtháite ríthábhachtach chun an margadh aonair a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar fhoinsí cistiúcháin do chuideachtaí atá ag dul i méid, FBManna san áireamh, agus chun deiseanna tarraingteacha coigiltis a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais. Ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro, an 22 Márta 2024
Leag na ceannairí béim ar a thábhachtaí atá na margaí caipitil, mar shampla i dtaobh infheistíochtaí, iomaíochais, nuálaíochta, fás inbhuanaithe agus cruthú post. Tá siad ríthábhachtach freisin chun leas a bhaint as an maoiniú atá de dhíth don aistriú glas agus don aistriú digiteach.
Ag tabhairt dá n-aire an litir a sheol Uachtarán an Ghrúpa Euro an 18 Márta 2024, rinne na ceannairí an méid seo a leanas:
- d’iarr siad ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a chinntiú go dtabharfar chun críche go pras an obair atá fós le déanamh maidir le plean gníomhaíochta 2020 maidir le haontas na margaí caipitil
- d’iarr siad ar na Ballstáit uile agus ar institiúidí uile an Aontais na bearta uile a leagtar amach sa ráiteas ón nGrúpa maidir lena bhfuil i ndán d’aontas na margaí caipitil a chur chun feidhme go pras
- d’iarr siad ar an nGrúpa Euro measúnú agus tuairisciú a dhéanamh go rialta ar an dul chun cinn maidir le forbairt mhargaí caipitil na hEorpa
Pléifidh ceannairí an Aontais an straitéis maidir le comhtháthú an mhargaidh caipitil ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 17-18 Aibreán 2024. In oirchill an chruinnithe sin, chuir na ceannairí de chúram ar Coreper, príomhchomhlacht ullmhúcháin na Comhairle, an obair ar na tograí ábhartha a thabhairt chun cinn go gníomhach.
- A bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun a mhargaí caipitil a dhoimhniú (eolas cúlra)
- Margaí caipitil na hEorpa (eolas cúlra)
- Tuarascáil Uachtarán an Ghrúpa Euro Paschal Donohoe chuig Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro roimh an gCruinniú Mullaigh an 22 Márta 2024 (preaseisiúint, an 18 Márta 2024)
- Ráiteas ón nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach maidir lena bhfuil i ndán d’aontas na margaí caipitil (preaseisiúint, an 11 Márta 2024)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025