Skip to content

Ballraíocht sa limistéar euro

Ní mór do na Ballstáit coinníollacha áirithe ar a dtugtar ‘critéir chóineasaithe’ a chomhlíonadh chun an euro a ghlacadh. Is í an Chomhairle a chinnfidh an féidir le tír an euro a thabhairt isteach.

Dul isteach sa limistéar euro

Is é an euro an dara hairgeadra cúltaca is mó ar domhan agus an dara hairgeadra is mó trádáil.

Ní mór do thíortha na critéir arna mbunú i gConradh Maastricht 1992 a chomhlíonadh, ar a dtugtar ‘critéir Maastricht’, chun an euro a ghlacadh.

Bunaíodh na ceanglais eacnamaíocha agus dhlíthiúla sin chun a áirithiú go mbeadh na Ballstáit réidh leis an euro a ghlacadh agus go mbeadh siad in ann feidhmiú go rianúil sa limistéar euro.

Is í an Bhulgáir an tír is déanaí a tháinig isteach sa limistéar euro; thug sí an t-airgeadra coiteann isteach an 1 Eanáir 2026.

Clásal um rogha gan a bheith páirteach

I bprionsabal, tá sé d’oibleagáid ar Bhallstáit uile an Aontais an euro a thabhairt isteach a luaithe a chomhlíonfaidh siad na critéir um chóineasú. Níl ach an t-aon eisceacht amháin ann, an Danmhairg, a bhfuil 'clásal um rogha gan bheith páirteach' aici i gconarthaí an Aontais, rud a chiallaíonn go bhfuil díolúine aice ón euro a ghlacadh.

Féadfaidh an Danmhairg iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht sa limistéir euro má thograíonn sí, áfach.

Coinníollacha ballraíochta

Ní mór do thíortha an Aontais réamhchoinníollacha sonracha a chomhlíonadh más mian leo dul isteach sa limistéar euro:

  • critéir eacnamaíocha um chóineasú
  • cóineasú dlíthiúil

Critéir eacnamaíocha um chóineasú

Cobhsaíocht praghsanna

Ráta úis inbhuanaithe

Airgeadais phoiblí inbhuanaithe

Rátaí malairte cobhsaí

Cobhsaíocht praghsanna

Ní mór don tír a léiriú go bhfuil feidhmiú praghsanna atá inbhuanaithe ag a bhfuil meánráta boilscithe (a bhíonn le breathnú go ceann tréimhse bliana) nach mó ná 1.5 pointe céatadán os cionn ráta na dtrí Bhallstát is fearr feidhmiú.

Airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe

  • níor cheart don easnamh rialtais iarbhír nó atá beartaithe dul thar 3% den OTI
  • níor cheart don chóimheas fiachais a bheith níos airde ná 60% den OTI

Rátaí úis fadtéarmacha chun measúnú a dhéanamh ar mharthanacht an chóineasaithe

Níor cheart meánráta ainmniúil úis fadtéarmach na tíre a bheith níos mó ná 2 phointe céatadáin os cionn mheánráta ainmniúil úis na dtrí Bhallstát is feidhmiúla.

Seasmhacht an ráta malairte chun a thabhairt le fios gur féidir leis an ngeilleagar luaineachtaí airgeadra a sheasamh

Ní mór don tír a bheith rannpháirteach sa sásra ráta malairte (ERM II) go ceann 2 bhliain ar a laghad:

  • gan claonadh go suntasach ó ráta lárnach ERM II
  • gan ráta lárnach déthaobhach airgeadra na tíre a dhíluacháil i gcoinne an euro

Tá an sásra ráta malairte (ERM II) ann chun a léiriú gur féidir le geilleagar tíre feidhmiú go rianúil gan dul ar iontaoibh luaineachtaí iomarcacha airgeadra.

Nuair a théann tír nach bhfuil sa limistéar euro isteach in ERM II, nasctar an t-airgeadra náisiúnta leis an euro ag ráta lárnach a chomhaontaítear le Ballstáit an limistéir euro, leis na tíortha nach bhfuil sa limistéar euro ach atá páirteach in ERM II agus le BCE, agus bíonn an Coimisiún rannpháirteach sa mhéid sin. Ceadaítear ansin don airgeadra luainiú laistigh den teorainn chaighdeánach 15% os cionn nó faoi bhun an ráta lárnaigh malairte sin.

Ós rud é gur réamhchoinníoll é ERM II chun an euro a thabhairt isteach, táthar ag súil go nglacfaidh gach Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro, cé is moite den Danmhairg, páirt sa sásra tráth éigin.

Ó 2018, bítear ag súil go gcomhoibreoidh na tíortha atá toilteanach páirt a ghlacadh in ERM II go dlúth le sásra aonair maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus gealltanais bheartais ar leith a bheith curtha chun feidhme acu.

Cóineasú dlíthiúil

Ní mór d’iarrthóirí ar mian leo dul isteach sa limistéar euro a chinntiú freisin go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta ag teacht leis an gConradh agus le Reacht an chórais Eorpaigh banc ceannais (CEBC) agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE).

Foráiltear sa Chonradh agus sa Reacht do neamhspleáchas na mbanc ceannais.

Ullmhacht na tíre a mheasúnú: tuarascálacha maidir le cóineasú

Scrúdaíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Coimisiún Eorpach, gach 2 bhliain ar a laghad, an gcomhlíonann na Ballstáit sin nach bhfuil sa limistéar euro ('na Ballstáit a bhfuil maolú acu') na critéir um chóineasú agus an bhfuil siad, dá bhrí sin, ullamh chun an euro a thabhairt isteach. Eisíonn siad araon tuarascáil maidir le cóineasú ina gcuireann siad a gcuid torthaí i láthair.

Cuirtear na tuarascálacha sin faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh le haghaidh a scrúdaithe agus mar bhonn eolais le haghaidh cinntí a d’fhéadfaí a dhéanamh a dhiaidh sin.

Féadfaidh BCE agus an Coimisiún an tuarascáil sin a chur i dtoll a chéile tráth ar bith arna iarraidh sin do thír nach bhfuil sa limistéar euro ach ar mian léi dul isteach ann.

Cinneadh maidir leis an euro a thabhairt isteach

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a chinnfidh an féidir le tír an euro a thabhairt isteach.

Glacann an Chomhairle an cinneadh sin:

  • tar éis di togra a fháil ón gCoimisiún
  • tar éis di moladh a fháil ó Bhallstáit an limistéir euro
  • tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa
  • tar éis plé a dhéanamh sa Chomhairle Eorpach

Is iad Ballstáit uile an Aontais a dhéanann an cinneadh críochnaitheach. Tugtar 'aisghairm an mhaolaithe' air sin i reachtaíocht an Aontais.

An ráta malairte a shocrú

Chomh maith leis sin, socraíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh ar bhonn neamh-inchúlghairthe an ráta ag a gcuirfear an euro in áit airgeadra an Bhallstáit.

Déanann an Chomhairle an cinneadh sin bunaithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis di dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Is iad Ballstáit an limistéir euro agus an tír a bheidh ag tabhairt isteach an euro a dhéanann an cinneadh trí vótáil d'aon ghuth sa Chomhairle.

An ról atá ag Ballstáit an limistéir euro

Cuireann na Ballstáit sa limistéar euro moladh faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le tír ar leith a bheith ullamh chun an euro a ghlacadh.

Ní mór do Bhallstáit an limistéir euro an moladh a eisiúint laistigh de 6 mhí tar éis don Chomhairle an togra a fháil ón gCoimisiún maidir leis an euro a thabhairt isteach i mBallstát.

Ní mór do thromlach cáilithe na mBallstát sa limistéar euro an moladh a ghlacadh.

Freagrachtaí ballraíochta

Má táthar leis an euro a ghlacadh:

  • caithfear an ráta malairte a shocrú ar bhonn buan idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro
  • caithfear freagracht as an mbeartas airgeadaíochta a aistriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach
  • bítear ag súil go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach i mbainistiú comhordaithe géarchéime, cuir i gcás cúnamh airgeadais a chur ar fáil do thíortha eile sa limistéar euro nuair is gá, chun an chobhsaíocht a áirithiú.
  • ba cheart do rialtais a saoránaigh a chur ar an eolas agus oideachas a chur orthu faoi na hathruithe a bhaineann le dul isteach sa limistéar euro, ina measc na himpleachtaí don ghnáthshaol, na tairbhí agus na dúshláin atá i gceist.
  • is gá doimhniú ar an gcomhordú ar na beartais bhuiséadacha náisiúnta. Cuireann Ballstáit an limistéir euro a ndréachtphleananna buiséadach don bhliain dár gcionn faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú gach bliain i mí Dheireadh Fómhair. Is féidir smachtbhannaí a fhorchur ar Bhallstáit an limistéir euro mura gcomhlíonann siad na critéir a bhaineann le hairgeadas poiblí fónta, inbhuanaithe.

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Eanáir 2026