- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 27/01/2014, 27 Eanáir 2014
Tabhairt isteach rathúil an euro sa Laitvia
Chuir an Grúpa Euro fáilte roimh aire Airgeadais na Laitvia agus thréaslaigh sé an t-athrú rathúil go dtí an euro a rinneadh sa Laitvia leis.
Thug aire Airgeadais na Laitvia, Andris Vilks, faisnéis nuashonraithe d'Airí an Ghrúpa Euro maidir leis an bpróiseas mín um an athrú a cuireadh chun feidhme sa Laitvia amhail ón 1 Eanáir i mbliana.
Rinneadh dea-ullmhúchán don athrú roimh ré. Bhí boinn agus nótaí euro i seilbh léir mór Laitviach cheana féin agus iad ag druidim i dtreo dháta an athraithe. Bhí na bainc agus an earnáil mhiondíola réidh freisin. Bhí nótaí bainc euro á ndáileadh ag uathmheaisíní bainc go dea-moch Lá Caille agus d'oscail na bainc is mó brainsí ar mhaithe le seirbhísí airgid thirim a chur ar fáil. Athraíodh teirminéil chártaí na siopaí go dtí an euro in am ionas gurbh fhéidir tús a chur le gnó tar éis an bhriste don bhliain nua an 2 Eanáir.
Faoin am seo, tá deireadh rathúil curtha leis an tréimhse trasdula dhá sheachtain nuair a bhí an euro agus an lats i gcúrsaíocht ag an am céanna. Ón 15 Eanáir i leith ní féidir aon íocaíochtaí a dhéanamh ach leis an euro.
Dúirt Uachtarán an Ghrúpa Euro gur dea-chomhartha iad na forbairtí eacnamaíocha sa Laitvia agus thréaslaigh sé an próiseas mín um an athrú leis an Laitvia.
Athbhreithniú deiridh ar chlár na Spáinne tugtha chun críche go rathúil
Phléigh na hAirí freisin torthaí an cúigiú athbhreithniú ar chlár na hearnála airgeadais sa Spáinn, arb é an t-athbhreithniú deiridh é. Ba dhíol sásaimh dóibh gur tugadh an clár sin chun críche go rathúil, rud a bhí go héifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar leochaileacht san earnáil airgeadais. Spreagadh údaráis na Spáinne leanúint den athchóiriú a chur ar aghaidh in earnálacha eile de bhreis ar earnáil na baincéireachta ionas go bhféadfar dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin mhaicreacnamaíocha atá fós ann.
Is díol sásaimh do chomhpháirtithe na hÁise an claonadh dearfach eacnamaíoch san Eoraip
Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro a chomhghleacaithe ar an eolas i ndáil lena thuras go dtí an Áise. Mheas sé gur aithin comhpháirtithe na hÁise go raibh neart déanta ag an Eoraip maidir leis na dúshláin a bhí os a comhair amach a shárú agus go raibh feabhas tagtha ar mhuinín na n-infheisteoirí.
Tosaíochtaí an Ghrúpa Euro
Tosaíocht mhór a bheidh ag tíortha an Ghrúpa Euro le linn na míonna amach anseo is ea na hathchóirithe struchtúracha atá ag teastáil chun tacú leis an bhfás a chur chun cinn. Beidh sé díreach chomh tábhachtach céanna an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus bailchríoch a chur ar an gcreat oibríochtúil le haghaidh ionstraim athchaipitlithe dhírigh an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE). Leanfar de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme clár leantach maidir le coigeartú sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Chipir.
Tionólfar an chéad chruinniú eile den Ghrúpa Euro an 17 Feabhra.
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025