- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 17/02/2014, 17 Feabhra 2014
Neartaítear téarnamh an limistéir euro
Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro go bhfuil ionchas eacnamaíoch don limistéar euro ag feabhsú.
Bhreithnigh airí an staid eacnamaíoch i bhfianaise na hanailíse ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE), agus na sonraí nua ó Eurostat. Tá fás iarbhír an OTI tar éis méadú sna ráithí is déanaí. Sa mheastachán is déanaí ó Eurostat don cheathrú ráithe de 2013, dearbhaíodh go raibh fás measartha dearfach ann thar trí ráithe i ndiaidh a chéile agus go bhfuil an téarnamh ag daingniú sa limistéar euro. Measadh athléimneacht an limistéir euro don suaitheadh sna margaí a bheith ina chomhartha dearfach freisin.
Ba dhíol sásaimh an dea-scéal sin do Uachtarán an Ghrúpa euro ach d'athdhearbhaigh sé nach féidir luí siar ar na maidí. Cé go bhfuil na leibhéil dífhostaíochta cobhsaí anois, tá siad i bhfad ró-ard fós. Ag féachaint dó sin, leag an tUachtarán béim go bhfuil gá ann don limistéar euro "athchóirithe struchtúrtha cróga a chur chun feidhme chun iomaíochas a fheabhsú agus chun leanúint i dtreo chomhdhlúthú fhioscach difreáilte lena gcothaítear an fás.
Dul chun cinn i gclár na Cipire
Tá an Coimisiún, BCE agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta den bharúil go bhfuil dul chun cinn déanta i gclár na Cipire. Ba dhíol sásaimh go háirithe d'airí na sonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha a bhí níos dearfaí ná mar a tuaradh, cé go bhfuil dúshláin thromchúiseacha fós ann.
Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro a shásamh in iúl maidir leis an earnáil airgeadais sa Chipir atá ag cobhsú, "a cheadaíonn go gcuirfear tús leis an dara céim den mhaolú ar shrianta de réir a chéile go luath".
Phléigh airí freisin an t-athbhreithniú leantach ar chlár na Gréige. Ba dhíol sásaimh dóibh an rún atá ag an gCoimisiún, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ag BCE filleadh go dtí an Aithin sna laethanta atá romhainn, mar aon le tiomantas na nÚdarás Gréagach athchóirithe a chur i bhfeidhm i roinnt príomhréimsí.
Beidh d'aidhm ag airí teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an ionstraim le haghaidh athchaipitliú díreach tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) i mí an Mhárta 2014 tar éis plé tairbheach ar a creat oibríochtúil i mí Feabhra. Tionólfar an chéad chruinniú eile den Ghrúpa Euro an 10 Márta.
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025