Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 01/04/2014, 1 Aibreán 2014

D'fháiltigh an Grúpa Euro roimh an t-athbhreithniú dearfach a rinneadh ar chlár na Gréige 

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro an feabhas a bhí tagtha ar staid fhioscach na Gréige agus a thiomanta a bhí an Ghréig don athchóiriú struchtúrach tar éis an cheathrú athbhreithniú ar a clár coigeartaithe eacnamaíoch. 

Bhí na hairí sásta faoi thoradh dearfach an cheathrú athbhreithniú ar chlár na Gréige. Tá an tír ar an mbealach ceart ó thaobh cúrsaí fioscacha de chun spriocanna an chláir a bhaint amach. Dúirt Uachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem, gur den tábhacht é go ndéanfaí athchóirithe an-chuimsitheach lena gcuirfí "feabhas ar acmhainn fáis na Gréige, lena gcruthófaí deiseanna fostaíochta agus lena spreagfaí an infheistíocht".

Nuair a bheidh na hathchóirithe ar fad curtha i gcrích, cuirfear €8.3 billiún ar fáil ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF). Íocfar an t-airgead sin i ngálaí, an chéad cheann roimh dháta dlite oibleagáidí fiachais na Gréige i mí na Bealtaine, ceaptar.

Dúirt an Grúpa Euro gur thacaigh sé go láidir le húdaráis na Gréige agus iad ag obair ar straitéis chuimsitheach fáis. Cuirfidh sé sin leis an méid a rinneadh faoi chlár na Gréige agus is é an aidhm atá leis a chinntiú go ndáilfear an maoiniú ó institiúidí idirnáisiúnta ar an mbealach is éifeachtaí is féidir.

Tá buiséad Lucsamburg i gcomhréir go huile agus go hiomlán le rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis

I mí na Samhna seo caite, scrúdaigh airí an Ghrúpa Euro a gcuid dréachtphleananna buiséadacha go grinn, ach amháin pleananna na mBallstát sin a bhí i mbun rialtas a chur le chéile.

Faoi láthair is ar phleananna nuashonraithe na dtíortha sin a bhfuil aird an Ghrúpa Euro á díriú, féachaint an bhfuil siad ag teacht le hoibleagáidí an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Dearbhaíodh Lucsamburg a bheith go huile agus go hiomlán i gcomhréir leis na hoibleagáidí sin. Féachfar ar phleananna nuashonraithe na Gearmáine agus na hOstaire sna míonna amach anseo.

Clár coigeartaithe eacnamaíoch don Phortaingéil: cúrsaí mar atá

Bhreathnaigh an Grúpa Euro ar an gcur chun feidhme a bhí déanta ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Portaingéile. Tá an clár ar an gconair cheart agus baineadh amach an sprioc maidir leis an easpa fhioscach don bhliain 2013 gan stró. Pléifidh an Grúpa Euro straitéis scoir na Portaingéile i mí na Bealtaine nuair a bheidh deireadh le misean an athbhreithnithe dheiridh.

Is ar an 5 Bealtaine 2014 a bheidh céad chruinniú eile an Ghrúpa Euro.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025