Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 22/06/2015, 22 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Bhí cruinniú gairid ag an nGrúpa Euro mar ullmhúchán don chruinniú neamhfhoirmiúil de Cheannairí Stáit nó Rialtais an limistéir euro (an Cruinniú Mullaigh faoin Euro) a bheidh ar siúl ar an lá céanna, um thráthnóna. 

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro, tríd is tríd, an leagan nua den phlean um athchóiriú arna thíolaic ag údaráis na Gréige maidin inniu, roimh chruinniú an Ghrúpa Euro, agus mheas sé gur chéim dhearfach sa phróiseas é. 

D'iarr an Grúpa Euro ar na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) tús a chur leis an anailís ar an togra nua agus i gcomhar le húdaráis na Gréige liosta de na gníomhaíochtaí roimhe sin a oibriú amach d’fhonn teacht ar chomhaontú deiridh maidir leis an bplean um athchóiriú níos déanaí an tseachtain seo.

D’fhéadfadh an Grúpa Euro cruinniú eile a reáchtáil an tseachtain seo.  

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025