Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 25/06/2015, 25 Meitheamh 2015

An toradh air sin

Tugadh an Grúpa Euro cothrom le dáta faoin staid mar atá maidir le dianchaibidlíocht idir na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) agus údaráis na Gréige maidir le plean cuimsitheach na Gréige um athchóiriú. 
 
Is réamhchoinníoll é an comhaontú maidir leis an bplean chun críoch rathúil a chur leis an athbhreithniú atá ar bun faoi láthair ar chlár leanúnach na Gréige agus chun leas a bhaint as an gcúnamh airgeadais a bheidh fágtha. Rachaidh an Comhaontú idir an Ghréig agus an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais in éag an 30 Meitheamh 2015.
 
Tháinig na hAirí ar chomhaontú go ndéanfaidh na hinstitiúidí measúnú ar na tograí is déanaí ó údaráis na Gréige, a tíolacadh an 25 Meitheamh, roimh chruinniú an Ghrúpa Euro.
 
Chuir na hinstitiúidí in iúl don Ghrúpa Euro go bhfuil éagsúlacht sna seasaimh maidir le roinnt saincheisteanna. D’iarr na hAirí ar údaráis na Gréige chun glacadh leis an togra ó na hinstitiúidí. 
 
Cuirfidh Uachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem, na Ceannairí Stáit nó Rialtais ar an eolas faoin staid mar atá ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar siúl ar an lá céanna (25 Meitheamh 2015).
 
Tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an Grúpa Euro le chéile Dé Sathairn, 27 Meitheamh 2015.


Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025