Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 24/04/2015, 24 Aibreán 2015

Na príomhthorthaí

An Ghréig

Chuir na hinstitiúidí (An Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) an Grúpa Euro ar an eolas maidir leis an staid mar atá i ndáil leis an bplé le húdaráis na Gréige. Is é is aidhm leis na cainteanna, teacht ar chomhaontú maidir le liosta cuimsitheach na n-athchóirithe, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé á chomhlánú ag an nGréig, de réir an chomhaontaithe reatha. 

Tá sé ríthábhachtach an cúram sin a chur i gcrích go rathúil chun deireadh a chur leis an athbhreithniú deiridh ar an gclár reatha agus chun íocaíocht an tráinse a bheidh fágtha den chúnamh airgeadais a comhaontaíodh a chur ar fáil. Iarrann an Grúpa Euro go ndéanfar dul chun cinn i bhfad níos sciobtha sa phlé agus déanfaidh sé meastóireacht ar an staid mar atá ag an gcruinniú a bheidh ann go luath i mí Bhealtaine. 

An tAontas Baincéireachta

Cuirfidh Danièle Nouy, Cathaoirleach ar bhord maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, an chéad tuarascáil bhliantúil ó BCE maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta i láthair

Chuir an Grúpa Euro in iúl go láidir go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na Ballstáit nach bhfuil an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc trasuite fós acu sa dlí náisiúnta in ann é sin a dhéanamh gan a thuilleadh moille. Chomh maith leis sin leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le daingniú an chomhaontaithe idir-rialtasaigh maidir leis an gciste aonair réitigh — is ghné thábhachtach iad sin araon maidir le feidhmiú an aontais baincéireachta. Ba cheart go mbeadh an tAontas Baincéireachta tugtha chun críche go hiomlán ón 1 Eanáir 2016.

Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist

Rinne an Grúpa Euro measúnú ar conas ar chuir an limistéar euro ina iomláine na hathchóirithe struchtúracha, a moladh dó anuraidh, chun feidhme i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. D’aontaigh na hairí plé den sórt sin a dhéanamh go tráthrialta agus leag siad amach liosta de réimsí beartais a bheidh le plé agus a bheidh le tagarmharcáil i gcomparáid le dea-chleachtas faoi dheireadh na bliana.

An Spáinn: faireachas iarchláir

Ba dhíol sásaimh do na hairí an toradh dearfach a bhí ar an tríú misean faireachais iarchláir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus BCE sa Spáinn. Baineadh de thátal as tuarascáil an mhisin go bhfuil an Spáinn tar éis an earnáil airgeadais a chobhsú agus go bhfuil téarnamh láidir eacnamaíoch sa tír sin anois agus tugadh comhairle leanúint le leasuithe chun deireadh a chur le míchothromaíochtaí atá ann fós. Beidh an chéad mhisean faireachais iarchláir eile ann i bhfómhar na bliana 2015.

 

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025