Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 07/07/2015, 7 Iúil 2015

Na príomhthorthaí

D'fhear an Grúpa Euro fáilte roimh Aire nua Airgeadais na Gréige Euclid Tsakalotos a chuir an staid sa Ghréig tar éis an reifreann an 5 Iúil 2015 i láthair. 

Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro maidir leis an mbealach ar aghaidh. 

I ndiaidh an chruinnithe, d'fhógair Uachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem, go bhfuil Rialtas na Gréige chun iarraidh nua a thíolacadh le haghaidh cúnamh airgeadais ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SEC). Táthar ag súil leis an iarraidh amárach, an 8 Iúil 2015.  

Tá an Grúpa Euro réidh chun glao comhdhála a thionóil ar an lá céanna tar éis an iarraidh a fháil.

Tar éis an iarraidh a thíolacadh, iarrfaidh Uachtarán an Ghrúpa Euro ar na hinstitiúidí - An Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta - measúnú agus anailís a dhéanamh ar riachtanais maoinithe na Gréige agus ar inbhuanaitheacht an fhiachais.  Tar éis an mheasúnaithe beidh an Grúpa Euro in ann cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an bhféadfaí tús a chur leis an idirbheartaíocht fhoirmiúil. 

“Is gá an méid seo ar fad a dhéanamh taobh istigh de chúpla lá, mar níl mórán ama againn”, a dúirt J.Dijsselbloem.

De réir rialacha SCE agus conarthaí an Aontais, cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do na Ballstáit faoi choinníollacha dochta. D'imigh an socrú deiridh a bhí ag an nGréig maidir le cúnamh airgeadais leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais in éag an 30 Meitheamh 2015. 

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025