Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 13/07/2015, 13 Iúil 2015

Príomhthorthaí

An Ghréig

Phléigh na hAirí an comhaontú a caibidlíodh i nGrúpa an Euro agus ag Cruinniú Mullaigh an Limistéir Euro sa dá lá roimhe sin, tar éis iarratas a fháil ón nGréig ar chúnamh airgeadais ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach, an 9 Iúil 2015.

An 13 Iúil, tháinig ceannairí an limistéir Euro ar chomhaontú maidir le tacar de bhearta a chaithfear a chur chun feidhme sula bhféadfar tosú ar chlár nua SCE a chaibidliú go foirmiúil.

Na chéad chéimeanna eile

Labhair an tUachtarán go gairid faoi na chéad chéimeanna eile ba cheart a tharlódh de réir an chomhaontaithe:

  • Tá an Ghréig ceaptha an chéad tacar de bhearta a leagadh amach i ráiteas an Ghrúpa Euro a chur chun feidhme faoin gCéadaoin (15 Iúil)
  • Is ansin a thosóidh na nósanna imeachta náisiúnta, a bhfuil gá leo le go bhféadfar tús a chur le caibidliú an chláir
  • Tar éis na nósanna imeachta náisiúnta, beidh an Grúpa Euro in ann sainordú a thabhairt do na hinstitiúidí tús a chur leis an gcaibidlíocht le húdaráis na Gréige maidir le meabhrán nua tuisceana
  • Agus an chaibidlíocht ag dul ar aghaidh, bheadh ar údaráis na Gréige leanúint freisin de na bearta sin a chur chun feidhme
  • Is ansin a dhéanfaí an cinneadh foirmiúil i ndáil leis an gclár SCE.

Maoiniú idirlinne

Chinn an Grúpa Euro meitheal ad-hoc saineolaithe a bhunú le breathnú ar na roghanna ar fad atá ar fáil agus le tuairisc a thabhairt ina leith níos déanaí sa tseachtain. Cinnfidh an Grúpa Euro faoina mbeidh le déanamh ina dhiaidh sin trí mheán glao comhdhála. 

Obair leantach i ndáil le cruinniú Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh: Tuarascáil na gCúig Uachtarán

Phléigh na hAirí Tuarascáil na gCúig Uachtarán, arb é atá ann plean chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a fhorbairt tuilleadh. Bhí siad ar fad go mór i bhfách le bogadh ar aghaidh sa phróiseas sin. Leanfar den phlé sin ag cruinniú Chomhairle ECOFIN an 14 Iúil 2015.

Athbhreithniú ar an gComhshocrú Fioscach: measúnú ar na forálacha náisiúnta

Thug an Coimisiún Eorpach tuairiscdon Grúpa Euro ar an athbhreithniú atá á dhéanamh aige ar an gcaoi a bhfuil na forálacha maidir le buiséad comhardaithe ón gConradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (.i. "an comhshocrú fioscach") á dtrasuí ina ndlí náisiúnta ag na Ballstáit sin a shínigh an conradh. Pléifidh an Grúpa Euro an t-ábhar sin arís i mí an Mheán Fómhair 2015.

Roghnú Uachtarán an Ghrúpa Euro

Atoghadh Aire Airgeadais na hÍsiltíre, Jeroen Dijsselbloem, mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro dá dhara téarma de dhá bhliain go leith. 

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025