Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 16 Márta 2020

Príomhthorthaí

Bhí cruinniú físchomhdhála ag na hairí airgeadais, a thosaigh i bhformáid chuimsitheach (Ballstáit uile an Aontais) agus a chríochnaigh i ngnáthfhormáid (airí an limistéir euro).

Formáid chuimsitheach

COVID -19: dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch

Thug an Grúpa Euro dá aire an staid eacnamaíoch agus ghlac siad ráiteas maidir leis an bhfreagairt ar ráig COVID-19 sa mhéid a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch.

Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Cosnóimid ár saoránaigh agus ár n-airgeadra, cibé rud a tharlóidh agus le gach acmhainn dá bhfuil againn. Níl teorainn lenár dtiomantas tacaíocht a chur ar fáil in am seo an ghátair.
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno

Athchóiriú ar chonradh an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh

Phléigh na hairí staid phacáiste athchóirithe an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh agus an cúlstop choitinn a thabhairt isteach go luath.

A ndúirt an tUachtarán Centeno maidir le freagairt an Ghrúpa Euro ar dhrochiarmhairtí eacnamaíocha an choróinvíris.

Gnáthfhormáid

Na hullmhúcháin do chruinnithe idirnáisiúnta

Rinne an Grúpa Euro a mharana ar an mboilsciú agus na forbairtí i ndáil leis an ráta malairte le roinnt míonna anuas agus cruinniú earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar na bacáin.

An Ghréig: an cúigiú tuarascáil faireachais fheabhsaithe

Chaith an Grúpa Euro tamall gearr ag plé an cúigiú tuarascáil faireachais fheabhsaithe faoin nGréig. Níl aon bhaint ag an tuarascáil sin le cinneadh faoi bhearta fiachais atá ag brath ar bheartais.

Bhí an Ghréig in ann a spriocanna fioscacha a shárú don chúigiú bliain as a chéile, agus bhí barrachas príomhúil 4% aici in 2019. Táimid ar fad ar aon intinn go mbeidh an Ghréig in ann leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht a bhaineann leis na rialacha fioscacha chun dul i ngleic le hiarmhairtí an choróinvíris. Uachtarán an Limistéir Euro, Mário Centeno

Dréachtphlean buiséadach nuashonraithe na hOstaire

Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile maidir le dréachtphlean buiséadach na hOstaire.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025