Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 20/01/2020, 20 Eanáir 2020

Príomhthorthaí

Gnáthfhormáid

Misean an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go dtí an limistéar euro

Eagraíonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) comhairliúchán bliantúil maidir le beartais an limistéir euro. Thíolaic CAI príomhthorthaí a mhisin eatramhaigh faoi Airteagal V go dtí an limistéar euro d'airí airgeadais an limistéir euro.

Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Cé go bhfuil moilliú tagtha ar gheilleagar an limistéir euro faoi láthair, tá sé ag fás i gcónaí – agus fad na tréimhse fáis seo agus líon na bpost a cruthaíodh ag sárú gach a ndearnadh cheana.
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An Phortaingéil: dréachtphlean buiséadach nuashonraithe

Phléigh an Grúpa Euro dréachtphlean buiséadach nuashonraithe na Portaingéile do 2020, bunaithe ar thuairim ón gCoimisiún, agus ghlac sé ráiteas.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an bPortaingéil le blianta beaga anuas. Beidh barrachas fioscach ag an tír in 2020 – dul chun cinn iontach le hais aimsir na géarchéime. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Beartas eacnamaíoch an limistéir euro

Chuir an Coimisiún togra le haghaidh dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2020 i láthair.

Mar chuid den Seimeastar Eorpach, san earrach, tugann an Chomhairle aghaidh ar mholtaí bliantúla maidir le beartais eacnamaíocha don limistéar euro. Maidir leis na moltaí sin:

  • pléifear sa Ghrúpa Euro iad
  • formheasfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais iad (Ecofin)
  • glacfaidh an Chomhairle iad go foirmiúil tar éis do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta iad a fhormhuiniú

Tosaíochtaí beartais rialtais nua na Spáinne, na hOstaire agus na Fionlainne

Thug an tAire Calviño, an tAire Blümel agus an tAire Kulmuni cur i láthair maidir le tosaíochtaí beartais rialtais nua na Spáinne, na hOstaire agus na Fionlainne. Gnáthchleachtas den Ghrúpa Euro is ea é sin nuair a thagann rialtais nua i mbun oifige.

Formáid chuimsitheach

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le heagrú na hoibre breise ar dhoimhniú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta sna míonna amach romhainn, mar obair leantach ar Chruinniú Mullaigh an 13 Nollaig 2019.

Ag an gCruinniú Mullaigh, chomhaontaigh na ceannairí gur cheart do na hairí airgeadais leanúint den obair ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú. Go háirithe:

  • athchóirithe ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE)
  • réitigh maidir leis an Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas (BICC) a mhaoiniú
  • bealach chun cinn i dtaca leis an aontas baincéireachta
Tá dóchas agam go ndéanfaimid dul chun cinn níos tapúla san athchóiriú ar an limistéar euro sa seimeastar seo. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025