Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil den Ghrúpa Euro, 24 Márta 2020

De bharr bhearta réamhchúraim COVID-19, tháinig an Grúpa Euro le chéile trí fhíschomhdháil.

Príomhthorthaí

Phléigh an Grúpa Euro tuilleadh freagairtí beartais ar thionchar eacnamaíoch COVID-19, tar éis do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí sin a iarraidh an 17 Márta.

Tá bearta cinntitheacha á ndéanamh ag rialtais agus ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. Ar an gcéad dul síos, tá méadú follasach tagtha ar ár bhfreagairt fhioscach. In aon seachtain amháin, tháinig méadú faoi dhó ar mhéid iomlán na mbeart fioscach ar an leibhéal náisiúnta agus meastar anois gurb ionann é agus 2% den OTI. Tá scéimeanna tacaíochta leachtachta do ghnólachtaí agus d’oibrithe méadaithe ó 10% go dtí níos mó ná 13% den OTI. Ar an dara dul síos, tá bearta comhordaithe á n-úsáid ar an leibhéal Eorpach, rud a chuireann leis na hiarrachtaí náisiúnta. Ar an tríú dul síos, tá tús curtha againn le díospóireacht maidir le cineálacha breise tacaíochta chun an bainistiú géarchéime a atreisiú agus chun an bealach a réiteach don téarnamh eacnamaíoch. Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno

Tuairisceoidh Uachtarán an Ghrúpa Euro do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí ag an gcéad fhíschomhdháil eile a bheidh ar siúl an 26 Márta.

Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Tá tacaíocht fhorleathan ann chun cosaint tacaíochta géarchéime Paindéimí a mheas bunaithe ar ionstraim réamhchúraim SCE atá ann cheana, amhail an Líne Chreidmheasa le Coinníollacha Feabhsaithe (ECCL). Chuirfeadh sé sin cosaint bhreise ar fáil don euro agus d’fheidhmeodh sé mar líontán sábhála chun sinn a chosaint i gcoinne na géarchéime seo.
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Tionólann Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro, preasagallamh an 24 Márta 2020.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025