Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 9 Meán Fómhair 2022

Na príomhthorthaí

Príomhphointí ón gcruinniú den Ghrúpa Euro a tionóladh an 9 Meán Fómhair 2022 i bPrág

Forbairtí maicreacnamaíocha

Phléigh an Grúpa Euro forbairtí maicreacnamaíocha sa limistéar euro, fuinneamh agus boilsciú san áireamh, agus tionchar na bhforbairtí sin ar an mbeartas fioscach. Bhí malartú tuairimí aige le Irene Tinagli, Cathaoirleach Choiste ECON Pharlaimint na hEorpa.

Chuir an Banc Ceannais Eorpach (BCE) na hairí ar an eolas faoi na cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta a rinne Comhairle Rialaithe BCE an 8 Meán Fómhair 2022.

De dheasca an chogaidh san Úcráin, ní mór don limistéar euro dul i ngleic le turraing i dtaobh praghsanna fuinnimh. Sáróimid an dúshlán sin, áfach, agus tá muinín againn as ár n-athléimneacht agus as ár gcumas téarnaimh. Tá aghaidh á tabhairt againn ar an dúshlán sin tráth a bhfuil leibhéil fostaíochta níos airde ná riamh ann san Aontas agus tráth a bhfuil an t-airgeadas poiblí ag teacht chuige féin go tapa tar éis na paindéime. Déanfaidh airí airgeadais an limistéir euro idirghabháil chun tacú le teaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha aghaidh a thabhairt ar an turraing praghsanna seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ní mór dúinn an boilsciú a laghdú. Mura ndéanfar amhlaidh, beidh ár saoránaigh níos boichte ar feadh tréimhse níos faide. Mar sin, déanfar ár n-idirghabhálacha a chomhordú le beartas airgeadaíochta BCE agus beidh sé d’aidhm acu nach gcuirfear leis an mbrú boilscithe. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An fhormáid chuimsitheach

An euro digiteach

Bunaithe ar ionchur ó BCE agus ón gCoimisiún, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le dul chun cinn an phlé ar an euro digiteach agus maidir leis an obair ar airgeadraí digiteacha bainc ceannais sna Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
D’fhéachamar ar athléimneacht ár n-airgeadra agus ar an obair atá ar bun lena fhiosrú an bhféadfadh todhchaí dhigiteach a bheith i ndán dó agus conas a d’fhéadfaí í sin a bhaint amach. Ghlac ár gcomhghleacaithe nach bhfuil sa limistéar euro páirt sa phlé sin chun machnamh a dhéanamh ar an obair leanúnach ar airgeadraí digiteacha. Mar chuid de sin, bhí nuashonrú cuimsitheach ann ó Uachtarán BCE agus ón gCoimisinéir Gentiloni maidir leis an obair fhorleathan atá ar bun sa limistéar euro. Agus fuaireamar nuashonrú freisin faoin tionscadal e-krona atá ar bun sa tSualainn. Creideann an Grúpa Euro go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis an tionscadal digiteach euro agus go bhféadfadh sé ár gceannasacht airgeadais agus airgeadaíochta a neartú agus feidhmiú an limistéir euro a fheabhsú.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025