Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 13 Bealtaine 2024

Na príomhthorthaí

Sa ghnáthfhormáid:

Staid agus forbairtí maicreacnamaíocha agus buiséadacha, tuairisc ó na cruinnithe idirnáisiúnta san áireamh

Tabharfaidh Uachtarán an Ghrúpa Euro agus na hinstitiúidí a measúnú ar na forbairtí agus an t-ionchas maicreacnamaíoch is déanaí, agus tuairisc faoi chruinnithe idirnáisiúnta a tionóladh le déanaí freisin. Thug an Coimisiún a thuairimí maidir leis na forbairtí buiséadacha is déanaí sa limistéar euro chomh maith.

Ilghnéitheacha

 a.     Tosaíochtaí beartais rialtas nua na Portaingéile

Chuir Aire Airgeadais na Portaingéile tosaíochtaí beartais eacnamaíocha agus airgeadais rialtas nua na Portaingéile i láthair.

I bhformáid an aontais baincéireachta:

Tuairiscí ar an aontas baincéireachta

D’éist na hairí le tuairiscí débhliantúla ó Chathaoirligh an tSásra Maoirseachta Aonair agus an Bhoird Réitigh Aonair.

Phléigh siad stádas reatha chóras baincéireachta an limistéir euro agus na dúshláin atá roimhe, chomh maith leis an méid atá fós le déanamh chun athléimneacht an chórais a threisiú.

<p>Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro</p>

D’éirigh leis na hiarrachtaí a rinneadh chun an chobhsaíocht san earnáil baincéireachta a chosaint. Mar sin féin, ní hionann i gcónaí dúshláin ár linne agus na dúshláin atá amach romhainn. I bhfianaise an mhéid sin, d’aithníomar a thábhachtaí atá an chibearshlándáil agus an gníomhú ar son na haeráide don earnáil airgeadais.

<p>Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro</p>

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

I bhformáid chuimsitheach:

Iomaíochas an limistéir euro: an bhearna nuálaíochta agus táirgiúlachta a dhúnadh

Phléigh na hairí na bearnaí atá ag cur as don Eoraip i gcomparáid le príomhiomaitheoirí domhanda, is iad sin bearnaí sa nuálaíocht, i gcaiteachas T&F agus i gcaipiteal daonna, agus bunaíodh an plé sin ar anailís ón gCoimisiún agus ar chur i láthair a rinne Michiel Scheffer, Uachtarán Bhord na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.



Leag na hairí béim ar an ngá atá le hinfheistíochtaí sa taighde agus san fhorbairt a neartú, ar a thábhachtaí atá an t-oideachas agus ar na céimeanna is gá a thabhairt maidir leis an gcánachas, ar na leibhéil riaracháin a laghdú, agus ar an gcaoi a rialaímid an margadh aonair – cabhróidh siad sin le go mbeidh an tAontas níos fearr ó thaobh na nuálaíochta de le himeacht ama.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Phléigh siad na freagairtí beartais is gá ó thaobh gnéithe macrastruchtúrtha agus macraifhioscacha de amach anseo freisin.

Athbhreithniú ar aontas na margaí caipitil

Rinne na hairí obair leantach ar an ráiteas ón nGrúpa Euro i mí an Mhárta maidir lena bhfuil i ndán d’aontas na margaí caipitil agus phléigh siad bealaí chun an dul chun cinn a chur chun cinn agus a rianú. Tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na príomhghnéithe de chlár oibre ardleibhéil do na míonna amach romhainn.

Is éard is tábhachtaí anois conas is féidir linn dul i mbun gnímh ar an leibhéal náisiúnta agus conas is féidir linn treoir a chur ar fáil don chéad Choimisiún eile maidir leis na gníomhaíochtaí is féidir leis a dhéanamh. Is mian linn go léir bealaí a aimsiú leis an móiminteam a choinneáil agus dlús a chur faoin bpráinn chun dul chun cinn a dhéanamh.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Thapaigh na hairí an deis plé a dhéanamh ar na moltaí maidir le margaí caipitil na hEorpa a fhorbairt, moltaí a chuir tascfhórsa na Fraince atá faoi stiúir Christian Noyer, a chuir a thuarascáil i láthair. Rinne na hairí tuilleadh plé ar na tionscnaimh náisiúnta atá ar bun faoi láthair agus roinn an Coimisiún a smaointe tosaigh maidir le gnéithe den ráiteas ón nGrúpa Euro a bhfuil tionscnaimh ón gCoimisiún ag teastáil ina leith.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025