- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 03/04/2017, 3 Aibreán 2017
Na príomhthorthaí
An tSiria
Rinne na hAirí Gnóthaí Eachtracha an staid sa tSiria a phlé, in oirchill Chomhdháil na Bruiséile maidir le tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, a bheidh ar siúl ar an 4-5 Aibreán 2017. Ghlac an Chomhairle straitéis an Aontais don tSiria.
“Tá sé bunriachtanach go ndíreoidh an comhphobal idirnáisiúnta go leantach ar an staid sa tSiria, agus an seachtú bliain den choinbhleacht buailte linn anois. Beidh gá ní hamháin le tacaíocht dhaonnúil ach le tiomantas freisin do réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht a éascú, a mbeidh aistriú polaitiúil atá dílis, fóinteach agus cuimsitheach mar chuid de.
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini
- Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh don tSiria, 3 Aibreán 2017
- Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin - Láithreán gréasáin na comhdhála
Éimin
Ag meabhrú go bhfuil an tríú bliain den choinbhleacht in Éimin buailte linn, thug na hairí aghaidh ar an staid pholaitiúil agus dhaonnúil sa tír, staid atá ag dul in olcas i gcónaí. Tá 17 milliún Éimeanach ag brath ar chabhair sheachtrach chun teacht slán, agus tá 7.3 milliún díobh go mór i mbaol an ghorta. Ghlac an Chomhairle conclúidí.
“Is géarchéim í sin nach ligfidh an tAontas Eorpach chun díchuimhne riamh”
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini
Chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil sí réidh chun a cuid iarrachtaí a mhéadú chun tacú leis na Náisiúin Aontaithe ionas go n-aimseofar réiteach polaitiúil ar an ngéarchéim, agus go méadófar an chabhair dhaonnúil a thugtar chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha na ndaoine ar fud na tíre.
An Libia
Phléigh an Chomhairle an staid sa Libia. Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas maidir leis an gcéad chruinniú a bhí ag an gCeathairéad faoin Libia ar an 18 Márta 2017, ar ghlac sí páirt ann thar ceann an Aontais agus ina raibh na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Afracach agus Léig na nArabach rannpháirteach freisin, agus é d’aidhm acu le chéile réiteach ar an ngéarchéim sa Libia a aimsiú. Léirigh na hairí, le linn an phlé, go bhfuil an tAontas tiomanta do thacú leis na Libiaigh agus iad ag iarraidh aontacht agus cobhsaíocht a aimsiú dá dtír laistigh de chreat an Chomhaontaithe Pholaitiúil maidir leis an Libia.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025