Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 06/02/2017, 6 Feabhra 2017

Príomhthorthaí

Beidh plé dian againn sna seachtainí amach romhainn lenár gcontrapháirteanna sna Stáit Aontaithe. Bhí plé an lae inniu, mar gheall ar an Úcráin agus ar Phróiseas Síochána an Mheánoirthir go háirithe, an-úsáideach chun seasamh an Aontais a mheas, is é sin le rá go bhfuil sé aontaithe agus go bhfuil seasaimh an-soiléire aige.

Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An Libia

Phléigh an Chomhairle an staid pholaitiúil sa Libia. D’athdhearbhaigh airí gnóthaí eachtracha a thábhachtaí is atá sé go mbeadh cobhsaíocht sa Libia arís trí shocrú polaitiúil cuimsitheach faoi chreat chomhaontú pholaitiúil na Libia. Leag siad béim ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaithe réigiúnacha agus ag eagraíochtaí réigiúnacha maidir leis an méid sin. Beidh an tAontas ag obair i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, le Léig na nArabach agus leis an Aontas Afracach chun Ceathairéad a chruthú lena dtabharfar iarrachtaí idirghabhála le chéile. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Libia cobhsaí agus síochánta ní hamháin dá comharsana - an tAontas Eorpach san áireamh, ach do mhuintir na Libia féin mar aon le himircigh atá sa Libia faoi láthair. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an Libia.

Próiseas síochána an Mheánoirthir

Phléigh an Chomhairle próiseas síochána an Mheánoirthir i bhfianaise an méid a thit amach le déanaí. D’athdhearbhaigh na hairí gur údar imní dóibh na lonnaíochtaí nua a d’fhógair Iosrael agus d’iarr siad ar an dá thaobh srian a chur orthu féin ó thabhairt faoi aon bheart a d’fhéadfadh cur leis an gcoinbhleacht. D’athdhearbhaigh an tAontas go bhfuil rún daingean aige obair chun comhshocrú cuimsitheach síochána a bhaint amach, chun indéantacht réiteach an dá stát a chaomhnú agus chun deireadh a chur le roinnt de na treochtaí diúltacha arb ann dóibh faoi láthair ar an láthair. Chuir an tArdionadaí in iúl go bhfuil an tAontas réidh chun obair leis na Náisiúin Aontaithe, leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe Arabacha d’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach.

An Úcráin

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an staid san Úcráin. Chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil rún daingean aici tacú le clár oibre athchóirithe na hÚcráine, trí thacaíocht airgeadais leanúnach shuntasach, mar aon le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh (EUAM na hÚcráine). Chuir na hairí i dtreis go bhfuil céimeanna tábhachtacha tógtha ag an Úcráin in an-chuid réimsí, go háirithe san fhorbairt shocheacnamaíoch agus sa chomhrac i gcoinne na héillitheachta. Mhol an Chomhairle go gcuirfí na hathchóirithe sin chun feidhme ina n-iomláine agus go ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn i réimsí amhail an t-athchóiriú bunreachtúil, breithiúnach agus toghchánach, riarachán poiblí agus earnáil an fhuinnimh.

De bhrí gur tháinig méadú ar an bhforéigean in Oirthear na hÚcráine le déanaí, chuir na hairí gnóthaí eachtracha in iúl go bhfuil imní orthu, go háirithe i ndáil leis an staid dhaonnúil. Phléigh siad an bealach chun tacaíocht ón Aontas a mhéadú chun comhaontuithe Mhionsc a chur chun feidhme. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go dtacaíonn an tAontas le plé formáide na Normainne agus d’aithin sí an obair thábhachtach a rinne Misean Speisialta Faireacháin ESCE chun na hÚcráine.

An Éigipt

Le linn an lóin, phléigh na hairí an staid san Éigipt agus an bealach chun cinn don chaidreamh déthaobhach. Thug siad aghaidh go sonrach ar thacaíocht an Aontais ar mhaithe le fás eacnamaíoch agus poist a chruthú, idirphlé, daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, comhar i réimsí amhail an fhrithsceimhlitheoireacht agus an imirce, agus ról na hÉigipte sa réigiún. Leis an bplé ullmhaíodh an chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, nuair a iarrfar ar Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte, Sameh Hassan Shoukry, bheith i láthair ag plé neamhfhoirmiúil le hairí an Aontais.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025