- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 06/03/2017, 6 Márta 2017
Na príomhthorthaí
Na Balcáin Thiar
“Tá dul chun cinn maith déanta ag tíortha uile na mBalcán Thiar maidir leis an gconair nach mór dóibh a threabhadh d'fhonn comhtháthú leis an Aontas Eorpach a bhaint amach. Táthar muiníneach freisin gurb é an tAontas Eorpach, as measc eintitis chumhachta an domhain ar fad, is fearr is féidir tionchar dearfach a imirt ar na Balcáin Thiar. Tá teachtaireacht an-soiléir curtha amach ag na hairí gnóthaí eachtracha: is féidir le muintir na mBalcán a bheith ag súil leis go mbeidh ár gcur chuige ina leith dáiríre, comhsheasmhach agus tiomanta.”
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini
D’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil an tAontas páirteach leis an réigiún agus go bhfuil a aird dírithe air, agus áirítear leis sin trí naisc pholaitiúla agus eacnamaíocha. Chuir an Chomhairle in iúl freisin gur gá do na páirtithe sa réigiún gníomh a dhéanamh i dtaca le hathchóirithe chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn leanúnach ar an gconair chun na hEorpa. Sa chomhthéacs sin, tá comhar maith sa réigiún rí-thábhachtach i gcónaí, agus ní mór freisin an roscaireacht ghríosaitheach a choimeád faoi smacht agus a sheachaint ar fad más féidir. Chuir na hairí i bhfios freisin an tábhacht a bhaineann le dul i dteagmháil le muintir an réigiúin, go háirithe trí thaidhleoireacht leis an bpobal, chun gur fearr a bheidh an chumarsáid i dtaca leis na tairbhí a bhaineann le conair na hEorpa a leanúint: an smacht reachta a fheabhsú, na sochaithe a chlaochlú agus deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a bheith ar fáil, go háirithe don aos óg. Chuir na hairí in iúl freisin go bhfuil an tAontas ullamh chun leanúint de chabhrú leis na Balcáin Thiar agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin chomhchoiteanna, amhail an gháinneáil ar dhaoine, smuigleáil drugaí, an radacú antoiseach agus an sceimhlitheoireacht. Beidh toradh an idirphlé a rinne an Chomhairle san áireamh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 9-10 Márta, sa chaoi is go meastar go ndéanfar staid an réigiúin a phlé lena linn.
Slándáil agus cosaint
Ghlac an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh i réimse na slándála agus na cosanta. Áirítear sna conclúidí measúnú ar an méid a rinneadh chun go gcuirfí chun feidhme na hábhair a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach ar an 15 Nollaig 2016.
Chomhaontaigh an Chomhairle freisin cumas míleata pleanála agus forfheidhmithe (MPCC) a bhunú laistigh d'fhoireann mhíleata reatha na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí. Cuirfear feabhas leis an méid sin ar an tacaíocht a théann ón mBruiséil chuig na misin mhíleata neamhfheidhmiúcháin, a chuimsíonn faoi láthair misin oiliúna an Aontais Eorpaigh san Afraic Láir, i Mailí agus sa tSomáil.
- Conclúidí ón gComhairle an 6 Márta 2017 maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh i réimse na slándála agus na cosanta
- Preaseisiúint 06/03/2017 - Slándáil agus cosaint: Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an dul chun cinn agus comhaontaíonn sí an tacaíocht do mhisin mhíleata a fheabhsú
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- List of A items, non-legislative activities, addendum, Foreign Affairs Council, 6 March 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 6 Márta 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 6 Márta 2017
- Clár táscach
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Conclúidí ón gComhairle maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó - 06/03/2017
Slándáil agus cosaint: Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an dul chun cinn agus comhaontaíonn sí an tacaíocht do mhisin mhíleata a fheabhsú - 06/03/2017
Ná Fágtar Aon Leanbh Ar Lár: Glacann an Chomhairle treoirlínte ón Aontas Eorpach maidir le cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint - 06/03/2017
Taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh: Tugann an Chomhairle treoir maidir le treisiú leis na sineirgí - 06/03/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024