- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais Eorpaigh, 24-25/10/2018, 24-25 Deireadh Fómhair 2018
Na príomhthorthaí
Tháinig Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh le chéile ar leibhéal Chinn Chosanta an Aontais Eorpaigh ar an 24 agus ar an 25 Deireadh Fómhair 2018. Is é an Ginearál Mikhail Kostarakos, buanchathaoirleach an choiste, a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú.
Labhair an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini, le Cinn Chosanta an Aontais ar an 25 Deireadh Fómhair.
Phléigh Cinn Chosanta an Aontais na hoibríochtaí míleata agus na misin a dhéanann an tAontas faoi CBSC.
Rinne na ceannairí sin an comhar idir an tAontas agus ECAT a phlé in éineacht leis an nGinearál Stuart Peach, cathaoirleach choiste míleata ECAT. Tugadh cothrom le dáta iad maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, lena n-áirítear ceisteanna amhail an tsoghluaisteacht mhíleata agus réimsí na mbagairtí hibrideacha agus cibearshlándála.
Ina theannta sin, phléigh Cinn Chosanta an Aontais an comhar a dhéantar lena gcomhghleacaithe as an Albáin, as an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, as an tSeoirsia, as an tSeirbia, as Montainéagró, as Vítneam, agus as Poblacht na Cóiré. Dhírigh siad ar a gcomhpháirtíocht leis an Aontas agus ar a rannpháirtíocht in oibríochtaí agus i misin.
Ansin, rinne Cinn Chosanta an Aontais an iarracht thrialach an athbhreithnithe chomhordaithe bhliantúil ar chosaint (CARD) a phlé, chomh maith le moltaí don dara céim den bhuanchomhar struchtúrtha (PESCO). Tugadh cothrom le dáta iad freisin faoin gCiste Eorpach Cosanta (EDF).
Ar deireadh, bhreathnaigh na ceannairí ar struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais a bheidh ann amach anseo, maille le staid na himirce.
Ag deireadh an chruinnithe, bhí searmanas ann ina ndearnadh cúraimí an Ghinearáil Mikhail Kostarakos a aistriú go hoifigiúil chuig buanchathaoirleach nua an choiste, an Ginearál Claudio Graziano.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025