Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15/10/2018, 15 Deireadh Fómhair 2018

Na príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha na saincheisteanna is mó cruóg ar an gclár oibre idirnáisiúnta; ina measc cás Jamal Khashoggi, colúnaí de chuid an Washington Post, atá ar iarraidh, mar a bhfuil an tAontas ag súil le himscrúdú iomlán trédhearcach faoi stiúir údaráis na hAraibe Sádaí, i ndlúthchomhar le húdaráis na Tuirce.

Leag siad béim freisin ar chinntí éagsúla a ghlac an Chomhairle, go háirithe glacadh an chórais nua beart sriantach lena dtabharfar aghaidh ar úsáid agus ar leathadh arm ceimiceach.

In oirchill chruinniú mullaigh ASEM, tharraing an tArdionadaí aird freisin ar na conclúidí maidir leis an Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh.

Highlights of the Foreign Affairs Council of 15 October 2018, in Luxembourg

An Libia

Phléigh an Chomhairle cúrsaí mar atá sa Libia. Ba ar an bpróiseas polaitiúil, ar chobhsaíocht na tíre, agus ar an staid eacnamaíoch a bhí an plé dírithe. Chuir na hairí gnóthaí eachtracha in iúl an athuair go dtacaíonn an tAontas leis an bpróiseas polaitiúil faoi choimirce Ghassan Salamé, Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Chuir siad i dtreis arís go bhfuil rún daingean ag an Aontas tacú le réiteach na Libia féin do mhuintir na tíre sin, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Chuathas i mbun plé mar chuid den ullmhúchán don chruinniú ardleibhéil maidir leis an Libia, cruinniú a bheidh ar siúl in Palermo na hIodáile ar an 12-13 Samhain 2018. Chuir an Chomhairle i dtreis a thábhachtaí atá sé toghcháin uachtaránachta agus pharlaiminteacha a reáchtáil a luaithe is féidir, agus chuir sí i dtreis freisin go gcaithfí creat cuí bunreachtúil agus dlíthiúil a chur i bhfeidhm roimh na toghcháin sin.

Foreign ministers will discuss the situation in Libya

Gnéithe seachtracha den imirce

Phléigh an Chomhairle agus Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Filippo Grandi na gnéithe seachtracha a bhaineann leis an imirce. Thug Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) António Vitorino tuairisc freisin do na hairí. Bhreathnaigh siad ar an dul chun cinn a rinneadh le déanaí agus ar na himeachtaí is déanaí, agus chuir siad i dtreis a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach, IOM agus UNHCR sa Libia.

Chinneamar go dtreiseoimis leis an méid atá bainte amach againn go dtí seo; go dtreiseoimis leis an gcomhar atá eadrainn féin agus na Náisiúin Aontaithe agus comhpháirtithe eile, go háirithe an tAontas Afracach, agus tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais; agus go gcuirfimis maoiniú breise ar fáil do chiste iontaobhais an Aontais ar mhaithe le tionscadail ar feadh na mbealaí imirce. Díreoimid freisin ar shlite eile a bhféadfaí dul i ngleic leis an athrú atá ag teacht ar an bpatrún imirce, is é sin le rá an t-athrú ó Bhealach na Meánmhara Láir go bealaí eile. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Veiniséala

I gcaitheamh an lóin, phléigh an tArdionadaí agus na hairí gnóthaí eachtracha an cás i Veiniséala agus an tionchar atá aige ar an réigiún, lena n-áirítear ar an imirce. D'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil seasamh tréan ag an Aontas maidir leis an ngéarchéim i Veiniséala. Ó tharla nach féidir an ghéarchéim a réiteach ach trí phróiseas polaitiúil agus sin amháin, shocraigh siad go bhféachfaí legrúpa teagmhála a bhunú, grúpa a éascódh an próiseas sin, ach coinníollacha áirithe a shásamh.

Poblacht na hAfraice Láir

Phléigh an Chomhairle conclúidí maidir le Poblacht na hAfraice Láir (PAL) agus ghlac sí na conclúidí sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024