Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil) 09/11/2018, 9 Samhain 2018

Na príomhthorthaí

Nuachóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála

Le breis agus fiche bliain tá ról tábhachtach glactha ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus ord eacnamaíoch rathúil síochánta á chruthú. Tá athrú tagtha ar an saol le blianta beaga anuas, áfach, agus níl an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ag coimeád suas leis. Sin an fáth a bhfuil an tAontas tiomanta réiteach a fháil ar an tsáinn ina bhfuil an Eagraíocht Domhanda Trádála agus go bhfuiltear meáite ar chlár oibre uaillmhianach inar féidir leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, a bheidh athchóirithe agus nua-aimseartha, leanúint ar aghaidh ag croílár córais iltaobhaigh riailbhunaithe. Margarete Schramböck, Aire Cónaidhme na hOstaire um Ghnóthaí Digiteacha agus Eacnamaíocha agus Uachtarán na Comhairle

Phléigh an Chomhairle an obair atá ar siúl chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a nuachóiriú. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir leis na forbairtí is déanaí sa tionscnamh uaidh cur chuige cuimsitheach an Aontais a fhorbairt agus a chur chun cinn, arb é is aidhm dó athbhreithniú a dhéanamh ar gach ceann de phríomhfheidhmeanna na heagraíochta: ceapadh rialacha, faireachán agus réiteach díospóide.

Chuir na hairí in iúl gur thug siad tacaíocht láidir do na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun comhar a athbheochan sa chreat iltaobhach. D'iarr siad go ndéanfaí athchóiriú uaillmhianach go pras ar fheidhmiú chomhlacht achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála chun réiteach a fháil ar an tsáinn ina bhfuiltear faoi láthair maidir leis an bpróiseas ceapacháin do bhreithiúna nua. Ba dhíol sásaimh dóibh chomh maith an togra comhpháirteach a rinneadh le déanaí idir an tAontas, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe chun feabhas a chur ar an gcomhlíonadhi gcás na bhfógraí a thugann comhaltaí maidir le bearta trádála.

Spreag an Chomhairle an Coimisiún chun leanúint dá chuid oibre le príomh-chomhpháirtithe agus le tíortha eile na hEagraíochta Domhanda Trádála chun athchóiriú a dhéanamh ar an eagraíocht.

Highlights from the Economic and Foreign Affairs Council (Trade) of 9 November 2018, held in Brussels

An caidreamh leis na príomh‑chomhpháirtithe trádála

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an staid mar atá maidir le caibidlíocht dhéthaobhach thábhachtach atá ar siúl, go háirithe iad sin a bhaineann le Mercosur, leis an Indinéis, leis an tSile, leis an Astráil, leis an Nua-Shéalainn, leis an tSín agus leis an Túinéis. Cuireadh an Chomhairle ar an eolas chomh maith maidir leis an dul chun cinn is déanaí sa phlé ar an tionscadal i ndáil leis an gCúirt Iltaobhach Infheistíochta agus aontachas leis an Aontais a d'fhéadfadh a bheith ann le Coinbhinsiún Oileán Mhuirís maidir le trédhearcacht.
D'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad tiomanta don tsaorthrádáil agus don trádáil chothrom agus chun a gcuid tacaíochta a thabhairt do chlár oibre dearfach trádála. D'iarr siad ar an gCoimisiún leanúint dá chuid iarrachtaí chun torthaí a bhaint amach go tráthúil agus go cothrom sa chaibidlíocht atá ar bun faoi láthair.

Thug an Chomhairle dá haire na tograí ón gCoimisiún a glacadh le déanaí maidir le síniú agus tabhairt i gcrích comhaontuithe trádála agus infheistíochta le Vítneam. Tá tús curtha cheana féin ag comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle le scrúdú a dhéanamh ar an dá chomhaontú sin.

Thíolaic an Coimisiún an dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe saorthrádála, ina dtarraingítear aird ar an tionchar dearfach a bhíonn acu ar easpórtálacha ón Aontais agus ar an bhfás eacnamaíoch. De réir an Choimisiúin, tá na comhaontuithe saorthrádála, a chuimsíonn beagnach 70 margadh ar fud an domhain, éifeachtach chun fáil réidh le bacainní ar an trádáil agus chun caighdeáin arda a chur chun cinn i réimse an tsaothair agus i réimse chosaint an chomhshaoil. Ba dhíol sásaimh do na hairí an tuarascáil agus mheabhraigh siad an spéis atá acu i dtaobh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe saorthrádála.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i dtaobh na rialacháin maidir le scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht dhíreach choigríche agus maidir le bearta coimirce cothrománacha déthaobhacha.

Le linn an lóin, phléigh na hairí na himeachtaí is déanaí i gcaidreamh trádála an Aontais Eorpaigh leis na Stáit Aontaithe.

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, rialachán maidir le laghdú a dhéanamh ar na bacainní ar shaorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta,rialachán ina bhfuil rialacha nua a neartóidh ollchóras FT i réimse an cheartais agus gnóthaí baile. Thug siad cead chomh maith d'athshuí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus an Údaráis Baincéireachta Eorpaighi ndiaidh Brexit in Amstardam agus i bPáras faoi seach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025