Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19/11/2018, 19 Samhain 2018

Na príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha na saincheisteanna is mó cruóg ar an gclár oibre idirnáisiúnta. D'athdhearbhaigh siad a dtacaíocht leanúnach iomlán do shocrú núicléach na hIaráine (JCPOA), tar éis do smachtbhannaí na Stát Aontaithe teacht i bhfeidhm ar an 5 Samhain 2018. Thug siad dá n-aire go bhfuil an comhaontú á chur chun feidhme ag an Iaráin go fóill, mar a rinne an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach a dheimhniú don 13ú huaire. Ag an am céanna, chuir siad in iúl a ndlúthpháirtíocht iomlán leis na Ballstáit sin ina raibh gníomhaithe Iaránacha ag gníomhú ar dhóigh nach féidir glacadh leis ar thalamh na hEorpa, agus dhearbhaigh siad go bhfuil siad faoi réir le breathnú ar bhearta dírithe iomchuí a dhéanamh chun freagairt do na gníomhaíochtaí sin.

Ina theannta sin, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an toradh a bhí ar an gcomhdháil idirnáisiúnta maidir leis an Libia a bhí ar siúl in Palermo, an 12-13 Samhain faoi choimirce Rialtas na hIodáile, agus an staid mar atá in Gaza tar éis an ghéaraithe a tháinig le déanaí ar an bhforéigean ann.

An Áise Láir

Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an Áise Láir (an Chasacstáin, Poblacht na Cirgise, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin) roimh an 14ú cruinniú aireachta idir an tAontas agus an Áise Láir a bheidh ar siúl ar an 23 Samhain sa Bhruiséil. Thug na hairí gnóthaí eachtracha dá n-aire na hathruithe suntasacha a rinneadh le déanaí sa réigiún sin agus an dlús nua sa chomhar déthaobhach réigiúnach. Chuir siad in iúl go bhfuil spéis mhór acu i ndlús a chur le rannpháirtíocht an Aontais san Áise Láir, i réimsí amhail tacaíocht d'athchóirithe agus don fhorbairt eacnamaíoch, agus do chur chun cinn na nascachta inbhuanaithe agus na ndálaí réigiúnacha cuí le haghaidh na síochána agus na cobhsaíochta san Afganastáin.

Beifear in ann an plé sin a chur san áireamh nuair a bheifear ag ullmhú straitéis nua an Aontais maidir leis an Áise Láir, a ghlacfar, is dóigh, in 2019.

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Phléigh an Chomhairle an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin tar éis na dtoghchán a bhí ar siúl ansin ar an 7 Deireadh Fómhair. Leag na hairí gnóthaí eachtracha béim ar a thábhachtaí atá sé rialtais ar gach leibhéal a bhunú a luaithe is féidir. Leis an mbunú sin, beidh na ceannairí polaitiúla in ann díriú go hiomlán arís ar an gclár athchóirithe. Chuir an Chomhairle i dtreis gur gá go leanfar leis an bpróiseas athchóirithe chun freagairt d'ardmhianta na saoránach, go háirithe ardmhianta an aosa óig. Thug siad dá n-aire freisin gur gá tabhairt faoin dlí toghcháin a athchóiriú.

Highlights of the Foreign Affairs Council of 19 November 2018, held in Brussels.

Éimin

Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha cúrsaí mar atá in Éimin. Rinne siad tuairimí a mhalartú maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas, go háirithe i ndáil leis an tacaíocht pholaitiúil agus dhaonnúil. D'athdhearbhaigh siad a dtacaíocht láidir don phróiseas sin, atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, agus do Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe Martin Griffith.

Tráth a dtugtar misneach dúinn mar gheall ar an iarracht atáthar a dhéanamh chun an lasóg a bhaint den bharrach, creidim gurb é an t-am ceart é a rá go tréan soiléir leo siúd a bhfuil baint acu leis an gcoinbhleacht teacht le chéile chun sos comhraic a dhaingniú, agus chun bheith páirteach sna cainteanna polaitiúla atá á stiúradh ag an Toscaire Speisialta Martin Griffiths. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Ó 2015 i leith, thug an tAontas Eorpach maoiniú um chabhair dhaonnúil dar luach breis agus € 234 mhilliún d'Éimin. Is é an tAontas Eorpach an deontóir daonnúil is mó in Éimin.

An Úcráin

Rinneadh tuairimí a mhalartú, ag an gComhairle ar an 11 Samhain 2018, maidir lenar thit amach le déanaí san Úcráin, go háirithe an staid i Muir Mheoid agus na “toghcháin” sna réigiúin sin ar a dtugann roinnt daoine “ Daon-Phoblacht Luhansk” agus “Daon-Phoblacht Donetsk".

D'athdhearbhaigh na hairí gnóthaí eachtracha a dtacaíocht agus a dtaobhaíocht bhuanseasmhach do neamhspleáchas, do cheannasacht agus do shláine críche na hÚcráine. Ós amhlaidh atá, mheabhraigh siad nach n-aithneodh an tAontas na “toghcháin” a bhí ar siúl ar an 11 Samhain mar go raibh siad neamhdhleathach agus neamhdhlisteanach, dar leis. Dhearbhaigh siad go bhfuil siad faoi réir le breathnú ar bhearta dírithe iomchuí a dhéanamh chun freagairt dóibh. Mheabhraigh na hairí gnóthaí eachtracha go bhfuil ríthábhacht fós le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc. Leag siad béim freisin ar rannpháirtíocht dhaonnúil leanúnach an Aontais in Oirthear na hÚcráine, d'fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine siúd is mó atá thíos leis an gcoinbhleacht.

Luaigh na hairí tacaíocht an Aontais don phróiseas athchóirithe san Úcráin. Ag cruinniú de chuid na Comhairle Comhlachais a bheidh ann ar an 17 Nollaig 2018, beidh deis ag an Aontas agus ag an Úcráin athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn sna hathchóirithe sin, agus, lena chois sin, ar chuid mhór saincheisteanna eile atá ábhartha maidir leis an gcomhar déthaobhach domhanda.

An tslándáil agus an chosaint

Tháinig na hairí cosanta le chéile leis na hairí gnóthaí eachtracha chun comhar an Aontais maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint a phlé. D'athbhreithnigh siad cur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais sa réimse sin, lena n-áirítear an buanchomhar struchtúrtha (PESCO), an t-athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD), an ciste Eorpach cosanta, an tsoghluaisteacht mhíleata, cumas míleata pleanála agus seolta (MPCC), comhshocrú sibhialtach CBSC, agus an togra le haghaidh Saoráid Síochána Eorpach.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025