Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil de Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais Eorpaigh, 5 Samhain 2020

Príomhphointí an chláir oibre

Beidh físchomhdháil ag Cinn Chosanta an Aontais agus beidh an Ginearál Claudio Graziano sa chathaoir. Labhróidh an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrel, le Cinn Chosanta an Aontais.

Díreofar sa phlé ar na róil agus ar na misin a d’fhéadfadh a bheith ag foireann mhíleata an Aontais Eorpaigh (EUMS) agus ag struchtúir an Chumais Mhíleata Pleanála agus Seolta (MPCC), chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo.

Déanfar athbhreithniú sa chruinniú ar ionchur comhdhlúite na n-úsáideoirí deiridh i bpróiseas an Chompáis Straitéisigh, agus ar roghanna chun an nasc idir forbairt na gcumas míleata agus an timpeallacht oibríochtúil a threisiú, lena n-áirítear ceachtanna a sainaithníodh ó oibríochtaí agus ó mhisin atá ar siúl i rith an ama.

Chomh maith leis sin, tabharfaidh na ceannairí cosanta aghaidh ar na dúshláin atá ann i ndáil leis an gcomhar míleata idir an tAontas agus ECAT, lena n-áirítear ceachtanna a sainaithníodh cheana féin ó phaindéim COVID-19.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Eanáir 2025