Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12 Deireadh Fómhair 2020

Na príomhthorthaí

Fís-sleachta ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha

An Bhealarúis

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an mBealarúis agus ghlac sí conclúidí inar athdhearbhaigh sí tacaíocht aontaithe an Aontais do cheannasacht agus neamhspleáchas na tíre sin, agus do shaoirsí daonlathachaagus cearta shaoránaigh na Bealarúise.

Dheimhnigh na hairí nach bhfuil aon dlisteanacht dhaonlathach ag Alexander Lukashenko agus thug siad cead polaitiúil chun tús a chur leis an gcéad phacáiste smachtbhannaí eile a ullmhú, smachtbhannaí i gcoinne Lukashenko agus ardoifigigh eile san áireamh.

Ina theannta sin, chomhaontaigh na hairí pacáiste nithiúil de bhearta a bhfuil an tAontas réidh le cur ar fáil chun tacú le Bealarúis dhaonlathach agus leis an tsochaí shibhialta.

An Rúis

Bhí plé ag an gComhairle maidir le caidreamh an Aontais leis an Rúis, inar athdhearbhaigh sí ábharthacht leanúnach na gcúig threoirphrionsabal a comhaontaíodh d'aon toil i mí an Mhárta 2016, agus go raibh sí toilteanach iad a neartú. Sa chomhthéacs sin, chuir na hairí i dtreis go bhfuil cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc fós ina phríomhchoinníoll d'aon athrú substaintiúil sa chaidreamh idir an tAontas agus an Rúis.

Chuir an Chomhairle i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis an tacaíocht do shochaí shibhialta na Rúise, do chosantóirí chearta an duine, agus leanúint de bheith ag cothú athmhuintearas idir pobail.

Bhí comhaontú polaitiúil ann freisin bogadh ar aghaidh agus bearta sriantacha a mholadh ina gcoinne siúd a bhfuil baint acu leis an iarracht a rinneadh Alexei Navalny a fheallmharú.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléamar na gnéithe a d'fhéadfadh a bheith sa chomhfhreagairt láidir ón Aontas ar úsáid oibreáin néaróg cheimicigh a bhfuil cosc air, an moladh a rinne an Fhrainc agus an Ghearmáin maidir le bearta sriantacha a chur chun feidhme ina gcoinne siúd a bhfuil baint acu leis an iarracht a rinneadh Alexei Navalny a fheallmharú. Táthar tagtha ar chomhaontú polaitiúil na bearta sriantacha sin a chur chun feidhme. Is iad comhlachtaí teicniúla na Comhairle a dhéanfaidh sin.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An tIdirphlé idir Béalgrád agus Pristine

Thug Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar, Miroslav Lajčák, an Chomhairle cothrom le dáta faoi staid na himeartha maidir leis an idirphlé sin agus faoi na dúshláin agus na hionchais a bhaineann leis.

Le linn na díospóireachta, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá an t-idirphlé le haghaidh chobhsaíocht na mBalcán Thiar, agus d'athdhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu an t-idirphlé a thabhairt chun críche go rathúil, ag obair dóibh de mheon macánta agus de mheon an chomhréitigh ar an dá thaobh.

Meiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib

Sa phlé a rinne an Chomhairle maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, athdhearbhaíodh gur thuig gach duine cé chomh práinneach atá sé an t-idirphlé idir-réigiúnach a chur ar bun an athuair, i bhfianaise a thábhachtaí atá an réigiún don Eoraip ó thaobh na heacnamaíochta agus na geopholaitíochta de.

Phléigh na hairí an bealach is fearr chun an caidreamh a athbheochan agus tá siad faoi réir chun beartais uaillmhianacha chomhshaoil agus dhigiteacha a shaothrú, in éineacht lena gcomhpháirtithe i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib.

Cúrsaí reatha

Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoi roinnt nithe a tharla le déanaí agus faoi imeachtaí atá ar na bacáin, a bhfuil san áireamh orthu: Poblacht na Cirgise, Mósaimbíc, an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin, Veiniséala, agus Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024.

Maidir leis an Nagarna-Carabaic, chuir aire gnóthaí eachtracha na Fraince na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí a rinne comhchathaoirligh Ghrúpa Mhionsc chun stop a chur leis an gcogaíocht agus filleadh ar an gcaibidlíocht.

Phléigh na hairí an chaoi a bhféadfadh an tAontas tacaíocht nithiúil a thabhairt don sos comhraic a comhaontaíodh an 10 Deireadh Fómhair 2020. Chuir siad i bhfios go láidir gur cheart an sos comhraic a urramú, agus gur cheart do gach gníomhaí réigiúnach a chuid féin den obair a dhéanamh chun stop a chur leis an gcoimhlint armtha, agus don tsíocháin.

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin maidir leis na himeachtaí is déanaí in Varosha agus maidir le fógraí Navtex a d'eisigh an Tuirc.

D'aontaigh na hairí go bhfuil an bonn á bhaint den mhuinín fhrithpháirteach le hathoscailt trá Varosha, agus chuir siad i dtreis go méadaíonn gníomhaíochtaí den chineál sin teannas agus gur cheart iad a aisiompú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na hiarrachtaí maidir le socrú na Cipire, a dhéantar faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, a athsheoladh a luaithe is féidir.

Ar an gcaoi chéanna, chuir na hairí in iúl go láidir gur oth leo na fógraí Navtex is déanaí a thug an Tuirc, fógraí a raibh tionchar acu ar limistéir mhuirí na Gréige agus na Cipire, agus gur teannas nua an toradh a bheidh orthu seachas a bheith ag cur leis na hiarrachtaí an lasóg a bhaint den bharrach, rud atá á éileamh ag an Aontas agus rud is mian leis a shaothrú.

Conclúidí ón gComhairle

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin / Oibríocht EUFOR Althea

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025