Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí trádála, 9 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

An caidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe

Bhreithnigh na hairí toghcháin SAM agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá an caidreamh trasatlantach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ár linne, go háirithe i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair. In ainneoin roinnt teannais a bheith sa chaidreamh trádála déthaobhach faoi láthair, is ríthábhachtach go fóill an comhar trasatlantach, rud a bheidh fíor amach anseo freisin.

Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Táimid lántiomanta i gcónaí do chlár oibre dearfach trádála a chur chun cinn leis na Stáit Aontaithe, a leanfaidh de bheith ina chomhpháirtí ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail COVID-19, géarchéim an chórais trádála iltaobhaigh, an t-athrú aeráide agus saincheisteanna trádála idirnáisiúnta agus teicneolaíochta. Ní mór dúinn oibriú le chéile chun teacht ar réiteach sna díospóidí déthaobhacha sin arb ann dóibh go fóill.
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine

Thug an Coimisiún tuairisc le linn na físchomhdhála ar staid na himeartha i dtaca le bearta cosanta cruach an Aontais.

Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála agus a bhfuil i ndán don Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)

Phléigh na hairí an tAthbhreithniú ar an mBeartas Trádála i gcomhthéacs an phróisis comhairliúcháin a sheol an Coimisiún Eorpach i mí an Mheithimh faoi bheartas trádála agus infheistíochta an Aontais amach anseo. Is é cuspóir an chomhairliúcháin sin, a bheidh ar siúl go dtí an 15 Samhain, féachaint conas is féidir leis an mbeartas trádála cuidiú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha chuig Aontas Eorpach a bheidh níos láidre agus níos athléimní. Cuirfear toradh an chomhairliúcháin atá ar siúl faoi láthair san áireamh i dteachtaireacht ón gCoimisiún, teachtaireacht, is dócha, nach n-eiseofar roimh Eanáir 2021 agus lena socrófar treo bheartas trádála agus infheistíochta an Aontais go ceann na chéad chúig bliana eile. Thug an Coimisiún tuairisc nuashonraithe ar staid na himeartha i dtaca leis an bpróiseas.

Thug na hairí aird ar leith ar an athchóiriú a dhéanfar ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Agus toghchán an Ard-Stiúrthóra nua ar oscailt go fóill, chuir an Coimisiún síos ar an bhfís agus ar an treochlár uaidh le haghaidh athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála. D’fhéadfaí dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le roinnt saincheisteanna ag an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, dar leis an gCoimisiún, mar shampla fóirdheontais iascaigh, na tionscnaimh comhráiteas agus na tionscnaimh is déanaí lena n-áirítear maidir le trádáil agus sláinte agus maidir le trádáil agus comhshaol. D’iarr roinnt airí ar an gCoimisiún Eorpach comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban a áireamh san Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála as a n-eascróidh straitéis athbhreithnithe de chuid an Aontais.

Ní mór dúinn leanúint den obair chun athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras EDT, a bhfuil dúshláin mhóra os a chomhair lena gcuirtear as dá chumas a bheith ag feidhmiú go héifeachtach, a Chomhlacht Achomhairc san áireamh. Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine

An caidreamh trádála leis an tSín

Phléigh na hairí caidreamh trádála an Aontais leis an tSín agus dhírigh siad go háirithe ar an gComhaontú Cuimsitheach maidir le hInfheistíocht lena dtugtar aghaidh ar na neamhshiméadrachtaí atá ann faoi láthair maidir le rochtain ar an margadh. Thug an Coimisiún tuairisc ar staid reatha na caibidlíochta agus na dteagmhálacha maidir le rochtain ar an margadh agus forbairt inbhuanaithe.

D’athdhearbhaigh na hairí gur gá leanúint de na pléití maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le hInfheistíocht a chur chun cinn agus é mar chuspóir ag na pléití sin an chaibidlíocht a thabhairt chun críche in 2020 agus timpeallacht ghnó atá oscailte, cothrom agus trédhearcach a chruthú d’infheisteoirí an Aontais sa tSín.

Tharla an plé sin tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020, inar chuir ceannairí an Aontais i dtreis sna conclúidí uathu gur gá an caidreamh eacnamaíoch a athchothromú agus cómhalartacht a bhaint amach. Mheabhraigh siad freisin gurb é an sprioc atá ann bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht i dtaca leis an gComhaontú Cuimsitheach maidir le hInfheistíocht faoi dheireadh na bliana. Leis an gcomhaontú sin, rannchuideofar le cothrom na Féinne a bhaint amach agus bunófar gealltanais fhóinteacha maidir le forbairt inbhuanaithe. Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an tSín aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rochtain ar an margadh, dul i ngleic leis an ró-acmhainneacht agus páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht maidir le fóirdheontais thionsclaíocha ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025