"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eachtracha, 19 Samhain 2020
Na príomhthorthaí
Cúrsaí reatha
Tá an staid reatha sa Bhealarúis ag dul in olcas i gcónaí; níl deireadh curtha ag an stát leis an gcos ar bolg atá á déanamh ar dhaoine. Chomhaontaíomar inniu coinneáil orainn leis na hullmhúcháin atá ar bun don chéad bhabhta eile smachtbhannaí – mar fhreagairt ar bhrúidiúlacht na n-údarás agus chun tacú le cearta daonlathacha mhuintir na Bealarúise.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais staid reatha na Bealarúise, staid atá ag dul in olcas, agus an cos ar bog leanúnach atá ar siúl ar lucht agóide. Chomhaontaigh siad an tríú pacáiste smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.
Bhí an chéad deis ag na hairí freisin tuairimí a mhalartú maidir leis an toradh a bhí ar toghchán 2020sna Stáit Aontaithe agus maidir leis an treo foriomlán atá faoin gcaidreamh trasatlantach. Leanfar ag plé an ábhair sin ar leibhéal na n-airí an 7 Nollaig.
Pléadh freisin an Chomhdháil Idirnáisiúnta Gealltanais a bheidh ar siúl san Afganastáin 2020 an 23 go dtí an 24 Samhain. Leag an tArdionadaí béim ar thoilteanas an Aontais borradh dearfach a chur faoi phróiseas na síochána san Afganastáin agus teachtaireachtaí soiléire dlúthpháirtíochta a thabhairt do mhuintir na tíre sin trí ghealltanas airgeadais a thabhairt.
Bhí an deis ag na hairí plé a dhéanamh freisin ar an staid reatha sa Nagarna-Carabaic, ar eisigh an tAontas dearbhú ina leith ina meabhraítear a thábhachtaí atá sé go réiteofaí an choinbhleacht sin, agus a thoilteanaí atá an tAontas a chion féin a dhéanamh síocháin mharthanach a thabhairt chuig réigiún ríthábhachtach de chuid na comharsanachta sin.
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas ansin maidir leis an Aetóip, agus leisan Libia, áit a bhfuil údar misnigh le feiceáil ach go bhfuil cúrsaí sách leochaileach i gcónaí. Maidir leis an staid reatha i réigiún Tigray, ba ábhar mór imní do na hairí an foréigean ar bhonn ciníoch, na líomhaintí atá á ndéanamh maidir le hainghníomhartha agus sáruithe ar chearta an duine; d’iarr siad ar na páirtithe uile staonadh ón bhforéigean agus filleadh ar an idirphlé.
Ar deireadh, phléigh na hairí an dul in olcas atá déanta ag cúrsaí sa Mheánmhuir Thoir agus d’athdhearbhaigh siad dlúthpháirtíocht an Aontais leis an gCipir agus leis an nGréig. Measadh go raibh gníomhaíochtaí agus ráitis a rinne an Tuirc le déanaí maidir leis an gCipir ag teacht salach ar na rúin a ghlac na Náisiúin Aontaithe agus gur chuir sin leis an teannas.
An tIltaobhachas
Phléigh na hairí cé mar is féidir leis an Aontas an córas iltaobhach a chosaint agus a nuachóiriú ionas gur féidir feabhas a chur ar an gcomhar maidir le dúshláin dhomhanda agus tacú leis an athchóiriú sna réimsí sin ina dteastaíonn sin. Ina theannta sin, thug na hairí treoir maidir leis an mbealach is fearr is féidir leis an Aontas a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn i bhfóraim iltaobhacha.
Beidh plé an lae inniu ina bhonn don obair a dhéanfar maidir le Teachtaireacht Chomhpháirteach ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún maidir le rannchuidiú an Aontais leis an iltaobhachas riailbhunaithe a neartú, atá beartaithe don chéad seimeastar de 2021.
Míreanna eile
Ar imeall na físchomhdhála, bhí malartú tuairimí ag na hairí le hAire Gnóthaí Eachtracha na Palaistíne, Riyad al-Maliki maidir leis an staid reatha sa Phalaistín, le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, agus maidir leis an gcaidreamh déthaobhach.
Ba dhíol sásaimh do na hairí go háirithe an cinneadh a rinne Údarás na Palaistíne le déanaí leanúint ar aghaidh leis an gcomhar agus leis an idirphlé le hIosrael. D’athdhearbhaigh siad tacaíocht na hEorpa do réiteach dhá stát a dhéanfaí le hidirbheartaíocht, agus phléigh siad mar is féidir leis an Aontas dálaí níos fearr a chruthú chun tús a chur an athuair leis an gcaibidlíocht idir Iosrael agus na Palaistínigh.
Roimh an bhfíschomhdháil, d’fhormheas an Chomhairle an Plean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, ina bhfuil príomhthosaíochtaí an Aontais maidir leis an mbealach chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint trínár ngníomhaíochtaí seachtracha.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.