"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 21 Meán Fómhair 2020
Na príomhthorthaí
An Bhealarúis
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an mBealarúis, inar athdhearbhaigh sí nach n-aithníonn an tAontas Eorpach toradh na dtoghchán, a bhí ar siúl i mí Lúnasa, ar an ábhar nach raibh siad saor ná cothrom.
Thug na hairí dá n-aire diongbháilteacht agus buanseasmhacht mhuintir na Bealarúise in ainneoin an bhrú faoi chois, agus léirigh siad dlúthpháirtíocht láidir leo i dtaca lena dtoilmhianta daonlathacha agus d’iarr siad go mbeadh saorthoghcháin nua chóra ann faoi mhaoirseacht ESCE.
Seasaimid go láidir agus sinn ag tacú le saor-rogha dhaonlathach a bheith ag muintir na Bealarúise maidir lena gceannaire agus lena bhfuil i ndán dá dtír. Ní uisce faoi thalamh atá ar bun againn ná ní mian linn ár ladhar a shá i ngnóthaí inmheánacha na tíre. Níl uainn ach saorthoghcháin chóra agus go gcuirfí idirphlé náisiúnta ar bun maidir le cé mar is ceart réiteach a fháil ar an ngéarchéim reatha.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thacaigh na hairí go daingean le ceannasacht agus neamhspleáchas na Bealarúise agus d’iarr siad ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta uile gan cur isteach ar a gnóthaí inmheánacha.
Pléadh ceist na smachtbhannaí freisin agus d’athdhearbhaigh na hairí go raibh an toil pholaitiúil ann bearta sriantacha nua a ghlacadh a luaithe is féidir.
Ar deireadh, rinne an Chomhairle athbhreithniú freisin ar an gcaidreamh foriomlán atá ag an Aontas leis an mBealarúis agus, sa chomhthéacs sin, phléigh sí ceist na tacaíochta breise airgeadais a d’fhéadfaí a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha.
An Libia
Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle an cor is déanaí sa Libia ag eascairt as an bhfógra a rinne Uachtarán na Comhairle Uachtaránachta, Fayez al-Serraj, agus Ceann Comhairle Theach na nIonadaithe, Aguila Saleh, an 21 Lúnasa 2020 maidir leis an mbealach chun cinn amach as an ngéarchéim sa Libia.
Tháinig na hairí ar thrí phríomhthosaíocht: teacht ar chomhaontú buan agus inbhuanaithe maidir le sos comhraic faoi chuimsiú an phróisis arna stiúradh ag na Náisiúin Aontaithe, deireadh a chur leis an mblocáil ola ar fud na Libia, agus an t-idirphlé polaitiúil a chur ar bun an athuair.
Bhí deis freisin ag na hairí plé a dhéanamh ar na torthaí a bhí ar Oibríocht Irini a seoladh le déanaí chun trádbhac arm na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle smachtbhannaí nua dírithe ar bheirt, agus ar thrí eintiteas, atá ag baint an bhoinn den tsíocháin agus den tslándáil sa Libia, ag sárú an trádbhaic arm nó ag sárú chearta an duine.
An tAontas Eorpach-An tAontas Afracach
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle ansin maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe san Aontas Afracach, agus maidir le bealaí chun dlús a chur leis an gcaidreamh leis an Afraic sa mheántéarma agus san fhadtéarma ó thaobh na polaitíochta agus na heacnamaíochta de.
Bhí na hairí ar aon fhocal go ndéanfaí tosaíochtaí straitéiseacha comhpháirteacha a fhorbairt d’fhonn an bealach a réiteach don chomhar sna deich mbliana atá amach romhainn, agus go ndíreofaí ar thorthaí nithiúla, de mheon an chur chuige dá ngairtear “Team Europe”.
Sa chomhthéacs sin, tugadh an Chomhairle cothrom le dáta freisin maidir le staid na caibidlíochta iar-Cotonou.
Cúrsaí Reatha
Faoi chúrsaí reatha, bhí deis ann na hairí a chur ar an eolas maidir le Veiniséala agus le torthaí an chruinnithe is déanaí a bhí ag an nGrúpa Teagmhála Idirnáisiúnta. Chomhaontaigh na hairí go gcaithfeadh an comhphobal idirnáisiúnta gach iarracht a dhéanamh chun cabhrú le muintir Veiniséala teacht ar réiteach síochánta, daonlathach ar an ngéarchéim atá fós ar bun, agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha an phobail.
I dtaca leis an Rúis, phléigh an tArdionadaí nimhiú an Uasail Navalny agus an gá atá le himscrúdú idirnáisiúnta práinneach a dhéanamh ar bhealach atá trédhearcach agus i gcomhar iomlán leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha.
D’aithin na hairí an cruachás atá sa Liobáin faoi láthair agus leag siad béim ar a ndlúthpháirtíocht leis na daoine agus ar a riachtanaí atá sé go gcuirfí rialtas nua le chéile ann gan mhoill.
I dtaca leis an tSín, chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas maidir leis an bhfíschomhdháil a bhí ag ceannairí an Aontais agus na Síne ar an 14 Meán Fómhair, agus díríodh ar staid reatha na hidirbheartaíochta maidir le Comhaontú Cuimsitheach Infheistíochtaí agus ar an staid ina bhfuil cearta an duine.
Ar deireadh, maidir leis an Tuirc, rinne na hairí plé achomair ar staid na Meánmhara Thoir de théisclim don chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle Eorpach. Cé gur aithin siad gur glacadh roinnt céimeanna dearfacha le déanaí, d’iarr siad ar an Tuirc céimeanna breise a ghlacadh chun an lasóg a bhaint den bharrach.
Na príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha sa Bhruiséil ar an 21 Meán Fómhair 2020
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.