"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí malartú tuairimí ag airí cosanta an Aontais maidir leis an gcompás straitéiseach. Doiciméad réamhbhreathnaitheach is ea é lena ndéantar iarracht comhthreoir straitéiseach a thabhairt don Aontas i réimse na slándála agus na cosanta, agus feabhas a chur ar chur chun feidhme leibhéal uaillmhéine an Aontais sa réimse seo.
Tá a fhios againn céard atá os ár gcomhair anois agus céard a bheidh ann amach anseo. Ní mór dúinn anois an méid a chaithfear a dhéanamh a thiontú ina gcuspóirí nithiúla chun freagairt a thabhairt ar na bagairtí agus na dúshláin atá ag dul i méid agus a bheidh os comhair an Aontais sna deich mbliana atá romhainn.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Thug na hairí dá n-aire go háirithe an chéad anailís riamh ar bhagairtí bunaithe ar na hionchuir ag teacht ó sheirbhísí faisnéise na 27 mBallstát. Déanfar an anailís sin ar bhagairtí a thiontú ina straitéis chuimsitheach chun freagairt a thabhairt ar na bagairtí agus na dúshláin atá os comhair an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar bagairtí agus dúshláin iad atá ag dul i méid.
Tá sé beartaithe go nglacfaidh an Chomhairle an compás straitéiseach críochnaitheach sa chéad leath de 2022.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí cosanta maidir le hathbhreithniú straitéiseach PESCO, ar fhormheas an Chomhairle conclúidí ina leith roimh an bhfíschomhdháil, tríd an nós imeachta i scríbhinn.
Leagtar béim san athbhreithniú ar liosta de 26 thionscadal PESCO lena mbainfear amach torthaí nithiúla nó cumas oibríochtúil iomlán roimh dheireadh 2025, ach cuirtear in iúl go láidir freisin gur gá na gealltanais níos ceangailtí a chomhlíonadh agus aschuir nithiúla agus torthaí insoláthartha inláimhsithe a bhaint amach faoi 2025.
San athbhreithniú sin, leag na hairí síos na spriocanna polaitiúla nithiúla agus d’aontaigh siad dreasachtaí a fhorbairt chun gur féidir leis na Ballstáit rannpháirteacha a ngealltanais a chomhlíonadh.
Níos luaithe i mí na Samhna, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis na coinníollacha lena mbeadh tríú stáit rannpháirteach i dtionscadail PESCO.
Cuireadh airí cosanta ar an eolas faoin staid sa Libia i bhfianaise an tsosa comhraic a comhaontaíodh le déanaí agus athsheoladh an phróisis pholaitiúil faoi stiúir na Libia. Bhí na hairí ar aon tuairim go raibh dlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe tábhachtach ag an nóiméad cinniúnach seo.
Maidir le Mailí, d’inis an tArdionadaí do na hairí gur tosaíodh gníomhaíochtaí mhisin agus oibríochtaí míleata agus sibhialta CBSC de chuid an Aontais (EUCAP Sahel Mali agus EUTM Mali) arís ar an 13 Deireadh Fómhair.
Ar deireadh, tugadh na hairí cothrom le dáta maidir leis na forbairtí is déanaí sa chaibidlíocht faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus stádas an Chumais Mhíleata Pleanála agus Forfheidhmithe (MPCC). Is é MPCC ceanncheathrú mhisin oiliúna an Aontais (EUTM) i Mailí, sa tSomáil agus i bPoblacht na hAfraice Láir anois.
Míreanna eile
Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint
Roimh fhíschomhdháil airí cosanta an Aontais, tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) le chéile i bhfoirm fhíorúil.
Cuireadh an tuarascáil deiridh ar an gcéad thimthriall den Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) faoi bhráid na n-airí, ghlac siad buiséad ginearálta 2021 na gníomhaireachta ag €37.5 milliún, agus d’fhormheas siad Creat Pleanála Trí Bliana GEC (2021-2023). Roimh an gcruinniú, d’fhormheas an Chomhairle Treoirlínte d’Obair GEC in 2021.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.