Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais, 25-26 Deireadh Fómhair 2021

An 25 agus an 26 Deireadh Fómhair, tháinig Cinn Chosanta an Aontais Eorpaigh le chéile sa Bhruiséil don chruinniú deireanach a bhí ag an gCoiste Míleata ar leibhéal Chinn Chosanta an Aontais in 2021.

Díríodh sa chruinniú, faoi chathaoirleacht an Ghinearáil Claudio Graziano, ar phríomhthionscnaimh chosanta an Aontais.

Tá deis ar leith ag an Aontas Eorpach cur lena inchreidteacht mar sholáthraí slándála; ba cheart don arm cur go gníomhach leis an bpróiseas lena sainítear a bhfuil ag teastáil do bhosca uirlisí mearfhreagartha agus gach iarracht is féidir a dhéanamh chun struchtúr stóinsithe Ceannais agus Rialaithe a chur chun feidhme agus é mar aidhm leis an lámh in uachtar ó thaobh na hoibríochtúlachta de a choimeád An Ginearál Claudio Graziano

Bhí an Compás Straitéiseach ar cheann de na chéad phointí a pléadh. Chuir Leas-Ardrúnaí SEGS, CBSC-Freagairt ar Ghéarchéimeanna, an tAmbasadóir Charles Fries na ceannairí míleata ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí a bhaineann leis an gCompás Straitéiseach. Ba dhíol sásaimh do Chinn Chosanta an Aontais na cuir i láthair agus tá siad ag súil go gcuirfear ar fáil leis an gCompás Straitéiseach treoir shoiléir maidir leis an Leibhéal Uaillmhéine Míleata. Tá siad ag súil le comhairle mhíleata a chur ar fáil maidir leis an gcéad dréacht agus bhí siad ar aon fhocal go bhféadfaí cruinniú urghnách a reáchtáil chun an dara dréacht den Chompás Straitéiseach a phlé.

Ina dhiaidh sin, thug Ard-Stiúrthóir Fhoireann Mhíleata an Aontais , an Leas-Aimiréal Hervé Blejean, na Cinn Chosanta cothrom le dáta maidir le bosca uirlisí mearfhreagartha an Aontais. Chuir Cinn Chosanta an Aontais i bhfios go láidir go gcaithfidh an tAontas cur go mór lena chumas gníomhú go huathrialaitheach, nuair is gá sin. Chuige sin, tacaíonn Cinn Chosanta an Aontais go hiomlán leis na tograí chun Cathghrúpaí an Aontais a oiriúnú a thuilleadh, agus é mar aidhm acu iad a dhéanamh níos ábhartha agus níos tarraingtí, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar éifeachtacht na mearfhreagartha.

Le linn an chruinnithe, meabhraíodh a phráinní atá sé go gcuirfeadh na Ballstáit acmhainní daonna, sócmhainní agus lóistíocht leordhóthanach ar fáil do mhisin agus d’oibríochtaí CBSC.

Ar ábhair thábhachtacha eile a pléadh le linn an dara lá den chruinniú bhí an comhar idir an tAontas agus ECAT agus iarradh go gcuirfí leis an gcaidreamh idir airm i réimse an athraithe aeráide agus na cosanta agus lena éifeachtaí atá Misin Oiliúna Míleata an Aontais Eorpaigh.

An Ginearál Claudio Graziano
Táimid ag maireachtáil i ré dian, dúshlánach agus ba cheart don Aontas brath ar bhosca uirlisí mearfhreagartha ina mbeadh fórsaí agus cumasóirí a bheidh in-imscartha go tráthúil. Beidh sé ródheireanach níos faide anonn.
An Ginearál Claudio Graziano
An Ginearál Claudio Graziano
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025