"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí forbartha, 11 Deireadh Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Bhí malartú tuairimí ag airí forbartha an Aontais maidir leis an staid san Afganastáin atá ag dul chun donais go gasta, agus pléadh bealaí nithiúla chun tuilleadhtacaíochta a thabhairt do mhuintir na hAfganastáine, trí chur chuige ‘Foireann na hEorpa’ ina mbeidh an tAontas, na Ballstáit a gcuid líonraí taidhleoireachta, agus institiúidí airgeadais rannpháirteach.
Tá an staid dhaonnúil agus shocheacnamaíoch san Afganastáin ar tí titim as a chéile. De réir Chomhairle Dídeanaithe na hIorua, beidh aon mhilliún leanbh ar a laghad i mbaol a mbáis, mura bhfaighidh siad an cúnamh iomchuí. Ní féidir linn ‘fanacht go bhfeicfimid’. Ní mór dúinn gníomhú, agus gníomhú go gasta.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Bhí na hairí ar aon intinn gur gá dlús a chur leis an tacaíocht a thugann an tAontas do mhuintir na hAfganastáine trí chabhair dhaonnúil bhreise lena dtacaítear go díreach leis na daoine.
Is é atá mar aidhm ag an Aontas, mar sin, beatha agus slite beatha na nAfganastánach a shábháil agus a chothú, agus seirbhísí bunúsacha a sholáthar don daonra.
Chomhaontaigh na hairí go háirithe go mbeadh cur chuige calabraithe ann, chun tubaiste dhaonnúil a chosc. Ní thabharfar aitheantas don Talaban leis an gcur chuige sin, agus déanfar na cúig thagarmharc a chomhaontaigh an Chomhairle i ndáil leis an Afganastáin a urramú go hiomlán.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.