Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 11 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

An caidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe

Rinne an Chomhairle a marana ar an méid a thit amach le déanaí agus phléigh sí conas an móiminteam dearfach atá ann faoi láthair a choinneáil agus a neartú i ndáil leis an gcaidreamh déthaobhach trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ag díriú go háirithe ar an bhfógra (a tugadh an 31 Deireadh Fómhair) a bhaineann le trádáil ar chruach agus alúmanaim agus na hionchais rannpháirtíochta amach anseo, go háirithe maidir le Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM.

Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine
Is iad an tAontas agus na Stáit Aontaithe an ceann scríbe infheistíochta dírí coigríche is tábhachtaí dá chéile, agus infheistíochtaí frithpháirteacha déanta acu ar mó iad ná 60% de na hinfheistíochtaí díreacha coigríche uile. Ní mór dúinn leanúint de na hiarrachtaí chun ár gcomhpháirtíocht trádála thrasatlantach a chaomhnú agus a neartú a thuilleadh ar mhaithe leis na saoránaigh uile ar an dá thaobh. Is céim sa treo ceart é cinneadh na Stát Aontaithe a rinneadh le déanaí deireadh a chur le taraifí ar chruach agus alúmanam ar allmhairí ón Aontas faoi Roinn 232 suas go leibhéal atá i gcomhréir leis na leibhéil stairiúla trádála, ach níor baineadh an ceann scríbe amach fós.
Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine
Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine

Ag an gcruinniú mullaigh i mí an Mheithimh, dhearbhaigh ceannairí an Aontais agus na Stát Aontaithe gur mian leo oibriú i ndlúthchomhar lena chéile mar chomhpháirtithe agus comhghuaillithe i bhfianaise na ndúshlán coiteann, chun na heasaontais a shocrú, agus díriú ar chlár oibre dearfach. Tá torthaí á mbaint amach cheana féin ag an dianchomhar le riarachán Biden, lena gcuimsítear bunú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta, an sos comhraic sa díospóid idir Airbus agus Boeing, an deireadh a cuireadh le himscrúduithe na Stát Aontaithe faoi ‘Roinn 301’ ar chánacha ar sheirbhísí digiteacha i roinnt Ballstát, agus, an scéal is déanaí, an fógra deireadh a chur le taraifí ar chruach agus alúmanam an Aontais suas go dtí na leibhéil trádála a bhí ann roimhe sin, agus an comhaontú tús a chur le caibidlíocht maidir le Comhshocrú Domhanda maidir le Cruach Inbhuanaithe agus Alúmanam.

Sa chomhthéacs sin, chuir na hairí in iúl go bhfuil siad tiomanta do chlár oibre trasatlantach dearfach, réamhbhreathnaitheach a chur chun cinn, agus mhol siad don Choimisiún leanúint dá dhian-rannpháirtíocht le riarachán Biden. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin na céimeanna dearfacha a glacadh le déanaí agus chuir siad in iúl gur cheart leanúint den obair ar dhíospóidí leanúnacha go dtí go réiteofar go cinntitheach iad. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach cosc a chur ar theacht chun cinn díospóidí agus/nó bacainní nua.

Tar éis an fhógra ó na Stáit Aontaithe taraifí faoi ‘Roinn 232’ a ionadú go haontaobhach le taraif-chuótaí, bunaithe ar allmhairí stairiúla cruach agus alúmanaim ón Aontas, meastar go ndéanfar cinneadh maidir le taraifí athchothromúcháin an Aontais a chur ar fionraí go haontaobhach – taraifí a forchuireadh ar earraí na Stát Aontaithe mar fhreagairt ar na taraifí faoi ‘Roinn 232’ – a ghlacfar faoi chuimsiú an nós imeachta coiste.

Ina theannta sin, chomhaontaigh idirbheartaithe an Aontais agus na Stát Aontaithe a gcásanna réitigh díospóidí faoi seach in EDT a chur ar fionraí, agus tús a chur leis an gcaibidlíocht ar Chomhshocrú Domhanda maidir le Cruach agus Alúmanam Inbhuanaithe, chomh maith le roinnt gnéithe a bhaineann le comhar leanúnach (leigheasanna trádála, comhar custaim, faireachán ar shreabha déthaobhacha cruach agus alúmanaim, agus comhar maidir le ró-acmhainn neamh-mhargaidh).

Cé nach bhfuil sa socrú maidir le cruach agus alúmanam ach réiteach sealadach, is feabhas é do tháirgeoirí cruach agus alúmanaim agus d'onnmhaireoirí an Aontais a bhfuil rochtain acu ar mhargadh na Stát Aontaithe, agus is féidir leis an Aontas agus na Stáit Aontaithe díriú anois ar chlár oibre tras-Atlantach atá níos réamhbhreathnaitheach agus níos dearfaí. Measann an tAontas i gcónaí nach luíonn taraifí i gcoinne an Aontais agus a onnmhairí cruach agus alúmanaim faoi ‘Roinn 232’ na Stát Aontaithe le rialacha EDT, agus dá bhrí sin, iarrann sé ar na Stáit Aontaithe deireadh a chur leo ina n-iomláine.

Bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí freisin le Katherine Tai, Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe. Ar na saincheisteanna tráthúla a pléadh le linn na físchomhdhála, bhí an rannpháirtíocht ar an gclár oibre dearfach, go háirithe Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta AE-SAM, an staid mar atá roimh an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus an gá atá leis na díospóidí leanúnacha a réiteach go cinntitheach.

Athchóiriú ar EDT agus ullmhúcháin don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála

Phléigh an Chomhairle na forbairtí is déanaí maidir le próiseas athchóirithe EDT agus na hullmhúcháin don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála EDT (MC12) a thionólfar sa Ghinéiv ón 30 Samhain go dtí an 3 Nollaig.

Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad i gcoitinne leis an moladh ón gCoimisiún maidir le gníomhaíocht le haghaidh MC12, go háirithe maidir leis na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ann, amhail an méid seo a leanas:

  • trádáil agus sláinte, an mhaoin intleachtúil san áireamh;
  • seoladh na meithle um fheabhsuithe institiúideacha EDT a dhéanfadh moltaí don chéad Chomhdháil Aireachta eile maidir le hathchóiriú na dtrí phríomhfheidhm atá ag EDT;
  • tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir le fóirdheontais iascaigh;
  • tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir le rialáil intíre i seirbhísí;
  • an dul chun cinn i ndáil leis na Tionscnaimh maidir le Ráiteas Comhpháirteach;
  • trádáil agus inbhuanaitheacht comhshaoil;
  • trédhearcacht, chomh maith le torthaí eile a d'fhéadfadh a bheith ann amhail maidir le Cothrom na Féinne;
  • cláir oibre maidir le talmhaíocht.
Leanfaidh an tAontas d'obair a dhéanamh chun comhaontú ag MC12 a bhaint amach agus iarrann sé ar Chomhaltaí eile EDT a bheith cuiditheach ar an gcuma chéanna. Beidh an chomhdháil aireachta i mí na Nollag tábhachtach chun ról lárnach EDT sa chóras iltaobhach trádála a athdhearbhú. Zdravko Počivalšek, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Slóivéine

Tiocfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil) le chéile arís ón 29 Samhain go dtí an 3 Nollaig sa Ghinéiv ar imeall chomhdháil aireachta EDT chun na dréachtchonclúidí ón gComhairle a ghlacadh agus an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag MC12.

Cur chun feidhme agus forfheidhmiú chomhaontuithe trádála an Aontais

Faoi aon ghnó eile chuir an Coimisiún a thuarascáil i láthair maidir le comhaontuithe trádála an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus d'iarr sé go leanfaí leis an dea-obair chomhpháirteach leis na Ballstáit.

An 27 Deireadh Fómhair, d'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú chomhaontuithe trádála an Aontais. Tugann an tuarascáil léargas ar an athrú a tháinig ar thrádáil fhabhrach an Aontais in 2020. Scrúdaítear ann 37 gcomhaontú trádála príomha le 67 gcomhpháirtí agus déantar achoimre ann ar thorthaí na ngníomhaíochtaí cur chun feidhme agus forfheidhmithe in 2020 agus sa chéad leath de 2021.

Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (TSD)

Thug na hairí aghaidh freisin, faoi aon ghnó eile, ar an athbhreithniú leanúnach ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú chaibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála an Aontais. D'iarr an Ísiltír, le tacaíocht ón mBeilg agus ó Lucsamburg, ar an gCoimisiún a chéad tuairimí a thabhairt maidir leis an toradh a bhí ar chomhairliúchán le geallsealbhóirí an Aontais maidir leis an athbhreithniú (a dúnadh an 31 Deireadh Fómhair) agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile sa phróiseas.

Is é Plean Gníomhaíochta 15 Phointe an Choimisiúin, Feabhra 2018, a threoraigh cur chun feidhme agus forfheidhmiú na gcaibidlí TSD i gcomhaontuithe trádála an Aontais.

Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisiún ar an bPlean Gníomhaíochta sin lena gcumhdófar gach gné ábhartha de chur chun feidhme agus d'fhorfheidhmiú TSD, lena gcuimsítear raon feidhme na ngealltanas, sásraí faireacháin, an fhéidearthacht go mbeadh smachtbhannaí ann i gcás neamhchomhlíonadh, chomh maith leis an leagan amach institiúideach agus na hacmhainní is gá.

Caibidlíocht dhéthaobhach ar an trádáil

Le linn an lóin, phléigh na hairí staid na caibidlíochta leanúnaí déthaobhaí trádála agus infheistíochta, amhail iad siúd leis an tSile, an Nua-Shéalainn agus an India, chomh maith leis na comhaontuithe sin inar tugadh an chaibidlíocht i gcrích, amhail Mercosur agus Meicsiceo.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025