"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Deireadh Fómhair 2021
Na príomhthorthaí
Phléigh airí gnóthaí eachtracha réigiún na Murascaille, Comhpháirtíocht an Oirthir, an Aetóip agus Nicearagua agus a bhfuil ag titim amach faoi láthair
Réigiún na Murascaille
Bhí plé straitéiseach ag an gComhairle maidir le cur chuige an Aontais i leith na Murascaille agus conas láithreacht an Aontais sa réigiún a neartú.
D’aithin na hairí an ról lárnach is féidir le comhpháirtithe na Murascaille a imirt maidir le saincheisteanna beartais eachtraigh, amhail an ghéarchéim san Afganastáin. Phléigh siad a thábhachtaí atá sé tacú go gníomhach leis an móiminteam dearfach sa réigiún atá sna réimsí sin a chothóidh muinín agus a chuirfidh, ag an am céanna, le clár oibre domhanda an Aontais (e.g. an t-aistriú glas, cúrsaí digiteacha, trádáil). Ina theannta sin, dhírigh an Chomhairle ar a thábhachtaí atá sé tacú le hathchóirithe socheacnamaíocha agus saincheisteanna a phlé go hoscailte nuair a bhíonn easaontas ann, cuir i gcás cearta an duine.
Cuirfear plé na n-airí san áireamh san ullmhúchán do Theachtaireacht Chomhpháirteach maidir le ‘Comhpháirtíocht leis an Murascaill’, atá le glacadh sa chéad ráithe de 2022. Tionólfar comhairle chomhpháirteach idir an tAontas agus Comhairle Comhair na Murascaille go luath in 2022 chomh maith.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Bhí malartú tuairimí ag na hAirí Gnóthaí Eachtracha maidir le caidreamh an Aontais le Comhpháirtíocht an Oirthir, mar ullmhúchán don chruinniú aireachta a bheidh ar siúl i mí na Samhna agus do chruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir a bheidh ar siúl i mí na Nollag, sa Bhruiséil.
Phléigh na hairí an comhthéacs suaiteach geopholaitiúil atá ag bagairt ar roinnt tíortha comhpháirtíochta sa réigiún, agus chomhaontaigh siad go leanfadh an tAontas de bheith ag cur brú ar mhaithe le bunluachanna amhail an daonlathas, cearta an duine, an smacht reachta, agus frith-éilliú. Ag an am céanna, leanfaidh an tAontas de bheith dírithe ar théarnamh socheacnamaíoch fadtéarmach, ag cinntiú go mbeidh sé inbhuanaithe agus cuimsitheach agus torthaí nithiúla á mbaint amach do mhuintir an réigiúin.
Agus tacóidh an tAontas le comhpháirtithe maidir le vacsaíní, deimhnithe vacsaíní agus le comhrac na bréagaisnéise.
An Aetóip
Le linn an lóin bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid san Aetóip, i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí sa tír agus i réigiún Tigray, bliain amháin tar éis thús na coinbhleachta.
Tá Tigray scriosta ag sáruithe córasacha ar chearta an duine ag grúpaí armtha arb iad coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna an t-arm atá acu. Ní ligtear aon chabhair dhaonnúil isteach. Táimid i mbun ullmhúcháin anseo anois agus, ag brath ar an méid a bheidh sa tuarascáil ar Chearta an Duine ó na Náisiún Aontaithe, a bhfuiltear ag súil leis an 1 Samhain, féachfaimid ar fhreagairt oiriúnach a thabhairt trí smachtbhannaí a ullmhú. Sin an cúram atá ar na seirbhísí agam, oibriú air sin nuair a bheidh an tuarascáil maidir le sáruithe ar chearta an duine ar fáil.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chomhaontaigh na hairí leanúint den chúnamh daonnúil a thabhairt don Aetóip agus thacaigh siad le misean nua Choimisinéir an Aontais um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, Jutta Urpilainen, a rachaidh go dtí an Aetóip le hIonadaí Speisialta an Aontais do Chorn na hAfraice, Annette Weber, chun teachtaireacht shoiléir a chur in iúl thar ceann an Aontais faoi cé chomh tábhachtach atá sé sos comhraic a chur chun feidhme faoi dheireadh agus tús a chur le próiseas polaitiúil ina mbeidh na gníomhaithe uile rannpháirteach.
Nicearagua
Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha faoi chúrsaí mar atá san Aetóip agus i Nicearagua. Maraíodh 328 duine ar a laghad ó 2018 agus agóidí á gcur faoi chois.
Shíl na hairí go háirithe go gcaithfear beartais an Aontais a choigeartú i ndáil leis na holltoghcháin a bheidh ar siúl sa tír an 7 Samhain 2021, agus beag seans ann de réir dealraimh go mbeidh an próiseas toghchánach inchreidte ná dlisteanach.
Leanfaidh an tAontas de bheith ag éilimh an daonlathais, cearta an duine agus an smachta reachta, amhail príosúnaigh pholaitiúla a scaoileadh saor nó eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine a chur ar ais agus saorthoghcháin chóra a bheith ann.
Cúrsaí reatha
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid dhaonnúil agus eacnamaíoch atá ag dul in olcas sanAfganastáin. D’aontaigh siad go raibh láithreacht íosta an Aontais riachtanach i gCabúl chun tacú le muintir na hAfganastáine agus chun bealach sábháilte a áirithiú d’Afganastánaigh atá i mbaol, ach nár chiallaigh sé sin aon aitheantas ón Aontas.
Pléadh cúrsaí sa Túinéis chomh maith i bhfianaise a bhfuil tite amach sa tír sin le déanaí. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé an acquis daonlathach a chaomhnú, agus scaradh na gcumhachtaí á n-urramú agus an gnáthshaol institiúideach a chur ar bun arís. Measadh gurb í an chéad chéim dhearfach í nuair a ceapadh rialtas nua le déanaí agus leanfaidh an tAontas de shúil ghéar a choimeád air.
Ina dhiaidh sin, rinne na hairí trácht ar na Balcáin Thiar, tar éis an chruinnithe mullaigh a bhí in Brdo le déanaí agus i bhfianaise an teannais a bhí ann le déanaí i dtuaisceart na Cosaive. Leanfaidh an tAontas den chaidreamh láidir polaitiúil atá aige leis an réigiún, déanfaidh sé obair leantach ar an gcúram tábhachtach a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus slándála ón gcruinniú mullaigh, agus éascóidh sé an t-idirphlé maidir le normalú cuimsitheach an chaidrimh idir an Chosaiv agus an tSeirbia.
Ag féachaint do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) a bheidh ar siúl go luath, phléigh an Chomhairle an taidhleoireacht aeráide. Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé go dtíolacfadh gach tír pleananna maolaithe agus straitéisí fadtéarmacha astaíochtaí nialasacha gan mhoill.
Cuireadh na hairí ar an eolas faoina bhfuil tite amach le déanaí timpeall Varosha, agus léirigh siad dlúthpháirtíocht láidir leis an nGréig agus leis an gCipir maidir le hidirghabhálacha na Tuirce i gcoinne soithí atá ag oibriú ina limistéir eacnamaíocha eisiacha. Chuir an tArdionadaí i dtreis gurb é an t-aon réiteach buan ar na saincheisteanna atá ann socrú don Chipir i gcomhréir le rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis na prionsabail ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe.
Bhí plé fada ag an gComhairle freisin maidir leis an mBealarúis agus saincheist na n-imirceach atá á mbrú i dtreo theorainn an Aontais. Thug na hairí foláireamh i dtaobh úsáid pholaitiúil na n-imirceach ag réimeas na Bealarúise agus chuir siad i bhfios go láidir go leanfaí den teagmháil leis na tíortha tionscnaimh agus leis na tíortha idirthurais, chomh maith leis an obair ar fhreagairt iomchuí ón Aontas.
Bhí caint sa Chomhairle ar Mhailí chomh maith sular cuireadh clabhsúr ar an gcruinniú. D’fhéach na hairí ar ghiaráil airgeadais agus pholaitiúil an Aontais, an fhéidearthacht bearta sriantacha a chur i bhfeidhm san áireamh, chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar, agus i gcomhréir leis na conclúidí a ghlac an Chomhairle Eorpach i mí na Bealtaine i gcoinne iad siúd a chuireann isteach ar an gclár oibre aistrithe.
Conclúidí ón gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin / Oibríocht EUFOR Althea.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.