- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, 24/11/2017, 24 Samhain 2017
Na príomhthorthaí
Nuair a bhí an cruinniú mullaigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir ann, tháinig ceannairí an Aontais agus sé cinn de chomhpháirtithe an Oirthir le chéile — an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin — chun teacht ar chomhaontú maidir leis na tosaíochtaí a bheadh acu amach anseo sa chomhpháirtíocht atá eatarthu.
Phléigh siad i dteannta a chéile an chaoi a bhféadfaí an comhar a neartú agus geilleagar, rialachas, nascacht agus sochaí níos láidre a bhaint amach.
"Táimid ag iarraidh comhar Chomhpháirtíocht an Oirthir a threisiú i roinnt réimsí sonracha amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide, an geilleagar digiteach, infheistíochtaí leathanbhanda, agus infheistíochtaí i réimse an iompair, an fhuinnimh agus tionscadal bonneagair. Liosta fada is ea é. Thar aon cheo eile, is mian linn na naisc idir na saoránaigh seo againne a neartú agus níos mó tacaíochta a thabhairt don tsochaí shibhialta." A ndúirt an tUachtarán Tusk ag preasagallamh chruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir
Chomhaontaigh gach ceannaire dearbhú comhpháirteach lena n-athdhearbhaítear a ndílseacht do Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an mhórthábhacht a leagann siad uirthi.
D’athdhearbhaigh an tAontas sa dearbhú an rún atá aige tacú le sláine chríochach, neamhspleáchas agus ceannasacht a chomhpháirtithe uile.
D’iarr rannpháirtithe an chruinnithe mullaigh go ndéanfaí iarrachtaí nua réiteach síochánta ar choinbhleachtaí gan réiteach a chur chun cinn sa réigiún ar bhonn an dlí idirnáisiúnta.
D’aithin na rannpháirtithe sin mianta agus rogha i leith na hEorpa na gcomhpháirtithe sin a shínigh comhaontuithe comhlachais leis an Aontas, is é sin an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin; agus aitheantas á thabhairt acu ag an am céanna do cheart na gcomhpháirtithe eile an leibhéal uaillmhéine atá uathu a roghnú sa chaidreamh a bhíonn acu leis an Aontas Eorpach.
"Cé chomh hullamh agus atá an Eoraip beartais an Aontais a oscailt do chomhpháirtithe s’againne − is ansin atá todhchaí choiteann na hEorpa − níor cheart go mbeadh aon amhras ann faoi sin. Agus is féidir liom a athdhearbhú go bhfuilimid ullamh é sin a dhéanamh." A ndúirt an tUachtarán Tusk ag preasagallamh chruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí chomh maith na '20 sprioc insoláthartha le haghaidh 2020'. Creat is ea é sin lena ndírítear ar shaol na saoránach a fheabhsú sna tíortha de chuid chomhpháirtithe an Oirthir sna ceithre réimse tosaíochta a sainaithníodh i Ríge sa bhliain 2015.
Ina theannta sin, cuireadh i dtreis sa dearbhú comhpháirteach:
- a thábhachtaí atá dea-rialachas
- an gá atá le hidirbhealaí iompair níos fearr agus níos sábháilte
- a thábhachtaí atá slándáil fuinnimh
- an gá atá le tacaíocht bhreise a thabhairt do na meáin neamhspleácha agus bréagaisnéis a thabhairt chun solais
- rannpháirtíocht na gceannairí chun tacú leis an tsoghluaiseacht a chothú agus cumhacht a thabhairt don aos óg
Ar imeall an chruinnithe mullaigh, shínigh an tAontas Eorpach agus an Airméin comhaontú maidir le comhpháirtíocht chuimsitheach, fheabhsaithe agus cuireadh clabhsúr ar chomhaontú eitlíochta. Ina theannta sin, leathnaíodh an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) go dtí comhpháirtithe an Oirthir.
Tá an chéad chruinniú mullaigh eile de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir tuartha don bhliain 2019.
Eolas faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir
In 2009 a seoladh Comhpháirtíocht an Oirthir chun comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn idir an tAontas Eorpach agus na sé thír chomhpháirtíochta sin de chuid Oirthear na hEorpa: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.
- Comhpháirtíocht an Oirthir (faisnéis chúlra)
- Bileog eolais maidir leis na scéalta gan bhunús faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir (SEGS)
- Bileog eolais maidir le gnólachtaí i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú (SEGS)
- Fíricí agus figiúirí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Airméin (SEGS)
- Fíricí agus figiúirí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis (SEGS)
- Fíricí agus figiúirí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Asarbaiseáin (SEGS)
- Fíricí agus figiúirí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSeoirsia (SEGS)
- Fíricí agus figiúirí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Mholdóiv (SEGS)
- Fíricí agus figiúirí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin (SEGS)
Ní neart go cur le chéile: Comhpháirtíocht an Oirthir (Grafaic faisnéise)
Príomhimeachtaí eile
Tá níos mó i gceist le Comhpháirtíocht an Oirthir ná an caidreamh idir rialtais. Tá daoine óga, údaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta, na meáin, an lucht gnó agus páirtithe leasmhara eile dlúthpháirteach in imeachtaí tiomnaithe eile.
Eagraítear na himeachtaí seo ar imeall an chruinnithe mullaigh le linn na bliana, i gcomhpháirtíocht le hUachtaránacht na hEastóine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Bhí an 3ú Fóram na nÓg de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir ar siúl i Vársá ar an 22-23 Meitheamh 2017. Bhí 300 rannpháirtí páirteach i ndíospóireachtaí faoin tsaoránacht ghníomhach agus faoi rannpháirtíocht na hóige sa phróiseas cinnteoireachta. Ghlac siad sraith moltaí maidir le beartais don óige.
Bhí a cruinniú bliantúil ag Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) sa Bhruiséil ar an 12 Meán Fómhair. Dhírigh an imeacht ar a thábhachtaí atá sé na naisc le húdaráis áitiúla i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a dhoimhniú.
Tionóladh an 2úComhdháil na Meán de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir i gCív ar an 13 Meán Fómhair 2017. Dhírigh an chomhdháil ar riachtanais forbartha na meán agus ar na riachtanais a bhíonn ag an iriseoireacht phroifisiúnta sa lá atá inniu ann. Bhí níos mó ná 350 rannpháirtithe ag an imeacht, rud a léiríonn scála na ndúshlán i dtaca le saoirse cainte atá os comhair na meán.
- Comhdháil na Meán de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir
- Bileog eolais maidir le Comhdháil na Meán de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir
Tionóladh Comhdháil R-chomhpháirtíochta Chomhpháirtíocht an Oirthir i dTaillinn ar an 4 Deireadh Fómhair 2017. Cuireadh os comhair an phobail ag an imeacht na torthaí dearfacha atá bainte amach i bhforbairt an r-rialachais i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir. Rinne na rannpháirtithe an staid sa réigiún a mheas freisin agus bhreathnaigh siad ar bhealaí chun gluaiseacht ar aghaidh. Don imeacht seo, ullmhaíodh tuarascáil ar an tslándáil sa chibearspás agus ar an r-daonlathas i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir.
- Comhdháil R-chomhpháirtíochta Chomhpháirtíocht an Oirthir
- Bileog eolais maidir le R-chomhpháirtíocht Chomhpháirtíocht an Oirthir
- Situation review: safety and security of cyberspace and e-democracy in the Eastern Partnership countries (Athbhreithniú ar an staid: sábháilteacht agus slándáil an chibearspáis agus r-daonlathas i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir)
I dTaillinn, ar an 23-26 Deireadh Fómhair 2017, a bhí Comhdháil an Aontais Eorpaigh maidir leis an Óige ar siúl. Bhí dháréag den aos óg ó thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir rannpháirteach san imeacht den chéad uair. Thángadar féin agus tuairim is 250 ionadaí don óige agus déantóir beartais le chéile chun na saincheisteanna is mó tábhacht do dhaoine óga san Eoraip inniu a leagan amach agus chun cuimhneamh ar ghníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.
Bhí Comhdháil na Sochaí Sibhialta de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir ar siúl i dTaillinn ar an 25-26 Deireadh Fómhair 2017, in éineacht leis an 9ú Comhthionól Bliantúil ag Fóram na Sochaí Sibhialta de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir. Dhírigh an imeacht ar an gcaidreamh idir na rialtais agus an tsochaí shibhialta, ar an rialachas daonlathach, ar chur i gcoinne bréagaisnéise, agus ar ríomhréitigh.
- Comhdháil na Sochaí Sibhialta de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir
- Bileog eolais maidir le Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir
- An 9ú Comhthionól Bliantúil ag Fóram na Sochaí Sibhialta de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir
Bhí Fóram Gnó Chomhpháirtíocht an Oirthir ar siúl ar an 26-27 Deireadh Fómhair 2017 i dTaillinn. Phléigh na rannpháirtithe an bealach le cló úr a chur ar phróisis rialachais agus bonn a chruthú do gheilleagair dhigiteacha. Dhírigh an plé freisin ar thrádáil trasteorann, lóistíocht, r-thráchtáil agus maoiniú don ghnó idirnáisiúnta. Bhí breis agus 500 ceannaire gnó, oifigeach rialtais, déantóir beartais ón Aontas agus ó thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i láthair ag an imeacht.
Síníodh comhaontú idir an tAontas agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) ar imeall an chruinnithe chéanna. D'fhág sin go raibh BEI in ann tús a chur lena chéad iasachtaí san airgeadra áitiúil san Úcráin. Shínigh BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) trí chomhaontú ráthaíochta, a bhfuil tacaíocht an Aontais an gabháil leo, le bainc áitiúla freisin. Freagairt do riachtanais phráinneacha ghnólachtaí na Seoirsia, na Moldóive agus na hÚcráine, ab aidhm dóibh.
An cruinniú mullaigh deireanach
I Ríge, ar an 21-22 Bealtaine 2015, a bhí an cruinniú mullaigh deireanach de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir ar siúl. D'athdhearbhaigh na rannpháirtithe an tábhacht straitéiseach a mheasann an tAontas a bheith leis an gcomhpháirtíocht agus léiríodh tiomantas láidir do ghabháil do dhlúthchaidreamh saincheaptha leis na sé thír chomhpháirtíochta.
Naisc úsáideacha
Féadfar faisnéis bhreise agus ábhar cumarsáide a fháil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh agus ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ester Arauzo-Azofra Preasoifigeach
- +32 2 281 53 61
- +32 473 63 07 23
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025