Comhpháirtíocht an Oirthir
An caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch idir an tAontas, na Ballstáit agus na sé thír ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir a neartú agus a dhoimhniú is aidhm do Chomhpháirtíocht an Oirthir. Anuas air sin, tacaíonn an Comhpháirtíocht le próisis athchóirithe inbhuanaithe sna tíortha sin.
Cad í Comhpháirtíocht an Oirthir?
Is creat comhair í Comhpháirtíocht an Oirthir. Seoladh í in 2009, mar thionscnamh comhpháirteach idir an tAontas, na Ballstáit agus sé thír ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir:
Is gné shonrach oirthearach í Comhpháirtíocht an Oirthir de Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Trí bhíthin Bheartas Comharsanachta na hEorpa, oibríonn an tAontas i gcomhar lena chomharsana taobh thoir agus ó dheas uaidh chun an comhlachas polaitiúil is dlúithe is féidir, chomh maith leis an leibhéal is airde is féidir de chomhtháthú eacnamaíoch, a chothú.
Tá trí thír ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir (an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia) i bpróiseas aontachais leis an Aontas Eorpach faoi láthair.
Chuir an Bhealarúis a rannpháirtíocht féin i gComhpháirtíocht an Oirthir ar fionraí ón 28 Meitheamh 2021 i leith. I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBealarúis ó mhí Feabhra 2024, coinníonn an tAontas comhar ar bun le sochaí shibhialta na Bealarúise mar chomhpháirtí tábhachtach i gComhpháirtíocht an Oirthir.
Conas a oibríonn Comhpháirtíocht an Oirthir?
Tá an tAontas tiomanta do chomhar láidir, saincheaptha, comhthairbheach a bheith aige le comhaltaí Chomhpháirtíocht an Oirthir, beag beann ar leibhéal na huaillmhéine atá acu sin i ndáil lena gcaidreamh leis an Aontas. Mar chúiteamh ar athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha a ghabháil de láimh, déantar na nithe seo leanas a thairiscint le Comhpháirtíocht an Oirthir:
caidreamh conarthach nua
comhaontuithe saorthrádála substaintiúla agus cuimsitheacha
céimeanna i dtreo léirscaoileadh víosaí
Ina theannta sin, cuireann Comhpháirtíocht an Oirthir creat daingean ar fáil don chomhar iltaobhach agus éascaíonn sí doimhniú an chomhair dhéthaobhaigh leis an Aontas.
Comhoibriú Iltaobhach
Is iomaí dúshlán atá roimh thíortha ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir. Má thugtar aghaidh orthu go comhpháirteach, treisítear leis an gcomhar agus déantar an dea-chleachtas a mhalartú.
Is éard atá i gceist le comhar iltaobhach i gComhpháirtíocht an Oirthir:
- institiúidí agus an dea-rialachas a neartú, lena n-áirítear athléimneacht i gcoinne tosca seachtracha
- deiseanna margaidh a fhorbairt trí chomhtháthú eacnamaíoch agus comhaontuithe trádála
- an tslándáil fuinnimh a chinntiú agus feabhas a chur ar na hidirnaisc fuinnimh agus iompair
- an tsoghluaisteacht agus an teagmháil idir daoine a fheabhsú i gcaibidil an idirphlé i leith víosaí
An comhar déthaobhach
Comhaontuithe comhlachais/comhpháirtíochta/comhair
Tá smaointe fuaimintiúla curtha ar aghaidh ag an Aontas maidir le gach tír ar comhalta í i gComhpháirtíocht an Oirthir trí bhíthin glúin nua de chomhaontuithe comhlachais. Tagann siad sin in ionad na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair a cuireadh i gcrích le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i mblianta deireanacha na 1990idí.
Tá tacar comhaontuithe caibidlithe ag an Aontas le comhaltaí Chomhpháirtíocht an Oirthir lena ndéantar foráil maidir leis an méid seo:
- comhlachas polaitiúil níos fearr
- idirphlé polaitiúil níos fearr
- comhar níos dlúithe maidir le saincheisteanna ceartais agus slándála
Tá na comhaontuithe sin mar bhonn do chlár athchóirithe trína ndlúthófar na tíortha comhpháirtíochta leis an Aontas trí bhíthin reachtaíocht agus caighdeáin na dtíortha sin a ailíniú le reachtaíocht agus caighdeáin an Aontais. Cuirfidh sé sin feabhas follasach ar bheatha na ndaoine.
Comhaontuithe saorthrádála
Mar chuid de na comhaontuithe comhlachais, tá caibidlíocht curtha i gcrích ag an Aontas maidir le Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin i ndáil leis an méid seo:
- feabhas a chur ar an rochtain ar earraí agus seirbhísí
- taraifí, cuótaí agus bacainní ar thrádáil a laghdú
- timpeallacht dlí cobhsaí a áirithiú
- cleachtais agus noirm a ailíniú
Idirphlé faoi Víosaí
Ba iad na tíortha ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir ba thúisce a bhain tairbhe as comhpháirtíochtaí soghluaisteachta lenar cuidíodh lena saoránaigh gluaiseacht ar fud na hEorpa i dtimpeallacht atá slán.
Le comhaontuithe um eisiúint víosaí a éascú, cuirtear soghluaisteacht shaoránaigh thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun cinn agus le comhaontuithe um athligean isteach déantar foráil maidir le rialacha chun filleadh abhaile imirceach neamhrialta a bhainistiú.
Leis an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, tá bearta á ndéanamh, de réir a chéile, ag an Aontas d'fhonn sprioc fhadtéarmach an taistil saor ó víosaí a bhaint amach do shaoránaigh as comhaltaí áirithe de chuid an Oirthir.
Comhaontuithe déthaobhacha de réir cineáil agus de réir tíre
An Úcráin
- éascú víosaí: 2014
- léirscaoileadh víosaí: 2017
- comhaontú comhlachais: 2017
- limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála: 2017
An tSeoirsia
- éascú víosaí: 2011 (curtha ar fionraí go páirteach ó 2025)
- léirscaoileadh víosaí: 2017
- comhaontú comhlachais: 2016
- limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála: 2016
An Mholdóiv
- éascú víosaí: 2011
- léirscaoileadh víosaí: 2014
- comhaontú comhlachais: 2016
- limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála: 2016
An Airméin
- éascú víosaí: 2014
- an comhaontú comhpháirtíochta cuimsitheach feabhsaithe: 2021
An Asarbaiseáin
- éascú víosaí: 2014
- comhaontú comhpháirtíochta agus comhair: 1999
An Bhealarúis
- éascú víosaí: 2020 (curtha ar fionraí go páirteach ó 2021)
Rannpháirtíocht na sochaí trí chéile
Ní hamháin go mbíonn rialtais rannpháirteach i gComhpháirtíocht an Oirthir, ach déantar tuairimí na sochaí sibhialta, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, ceannairí gnó agus tionóil pharlaiminteacha a mheas freisin.
Cad iad cuspóirí Chomhpháirtíocht an Oirthir?
Ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh le linn na chéad 10 mbliana de Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá cúig chuspóir beartais fhadtéarmacha sainaitheanta ag an Aontas Eorpach:
geilleagair inbhuanaithe athléimneacha comhtháthaithe
institiúidí cuntasacha, an smacht reatha agus an tslándáil
athléimneacht chomhshaoil agus aeráide
claochlú digiteach
sochaithe cuimsitheacha cothroma
Ag an gcruinniú mullaigh a bhí ag Comhpháirtíocht an Oirthir in 2021, gheall ceannairí an Aontais agus Chomhpháirtíocht an Oirthir go gcuirfidís feabhas ar a gcomhar bunaithe ar na tosaíochtaí sin.
- Cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, an 15 Nollaig 2021
- Comhpháirtíocht an Oirthir tar éis 2020 (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
An plean infheistíochta
Agus é mar chuspóir foriomlán aige athléimneacht a neartú agus tairbhí nithiúla a ghiniúint do dhaoine, beidh clár oibre nua Chomhpháirtíocht an Oirthir bunaithe ar dhá cholún: infheistíocht (le tacaíocht ó phlean eacnamaíoch agus infheistíochta € 2.3 billiún) agus rialachas.
Tacóidh uirlisí agus próisis éagsúla an Aontais leis na colúin, lena n-áirítear an Eoraip Dhomhanda: An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus tionscnaimh Fhoireann na hEorpa, cláir um chomhar trasteorann agus infheistíochtaí dílse na gcomhpháirtithe.
Na deich bpríomhsprioc le haghaidh 2025
Mar chuid den chlár oibre, sainaithníodh deich bpríomhsprioc infheistíochta do 2025 mar ghníomhaíochtaí tosaíochta amach anseo:
- geilleagair iomaíocha nuálacha
- an smacht reachta
- nascacht inbhuanaithe chliste
- daoine agus sochaithe eolais
- an tslándáil agus an chibear-athléimneacht
- fuinneamh inmharthana
- cúrsaí comhshaoil agus aeráide
- an athléimneacht sláinte
- sochaí cuimsitheach atá comhionann ó thaobh inscne de agus éagsúil agus cumarsáid straitéiseach
- claochlú digiteach
Ról na Comhairle
An chaibidlíocht maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta le comhaltaí Chomhpháirtíocht an Oirthir
Bíonn an Chomhairle páirteach ag gach céim de chaibidil agus de ghlacadh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta leis na sé thír ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir.
Cruinnithe mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir
Bunaítear le Comhpháirtíocht an Oirthir bealaí cumarsáide níos láidre trí chruinnithe mullaigh a eagrú ar a bhfreastalaíonn na cinn stáit nó rialtais. Is gnách go dtionóltar na cruinnithe mullaigh gach dhá bhliain agus cuirtear treoir pholaitiúil ar fáil leo chun Comhpháirtíocht an Oirthir a fhorbairt a thuilleadh.
Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ag na cruinnithe mullaigh sin, i gcomhair le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, de ghnáth. Bíonn cruinnithe bliantúla idir airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus Comhpháirtíocht an Oirthir freisin.
Comhlachtaí na Comhairle atá freagrach
Is í an Mheitheal um Oirthear na hEorpa agus an Áise Láir a phléann le gnéithe uile an chaidrimh agus an chomhair idir an tAontas agus tíortha in Oirthear na hEorpa.
Cuireann an Coiste um an mBeartas Trádála comhairle freisin ar an gCoimisiún agus cuidíonn sé leis comhaontuithe trádála leis na tíortha ar comhaltaí iad i gComhpháirtíocht an Oirthir a chaibidil agus a chur i gcrích.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025