Amlíne — Airteagal 7: an scéal go dtí seo
-
2024
-
Bealtaine Tháinig deireadh leis an nós imeachta i gcoinne na Polainne
Tar éis roinnt plé maidir leis an staid mar atá agus sé éisteacht ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta, tháinig deireadh leis an nós imeachta i mí na Bealtaine 2024 nuair a tharraing an Coimisiún siar a thogra réasúnaithe. Tar éis dó anailís a dhéanamh ar phlean gníomhaíochta na Polainne agus ar na gealltanais a rinne rialtas na Polainne, chinn an Coimisiún nach raibh baol soiléir ann go mbeadh sárú tromchúiseach ar an smacht reachta sa Pholainn.
-
2018
-
Meán Fómhair Cuireadh tús leis an nós imeachta i gcoinne na hUngáire
Chuir Parlaimint na hEorpa tús le nós imeachta Airteagal 7(1) i gcoinne na hUngáire. Tar éis roinnt plé a dhéanamh ar an staid mar atá agus tar éis seacht n-éisteacht ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta, tá an nós imeachta fós ar siúl.
-
2017
-
Nollaig Cuireadh tús leis an nós imeachta i gcoinne na Polainne
Chuir an Coimisiún nós imeachta Airteagal 7(1) i ngníomh den chéad uair riamh, i gcoinne na Polainne.
-
2001
-
Feabhra Bunú Airteagal 7(1)
Le Conradh Nice, tugadh isteach Airteagal 7(1), lena bhforáiltear go bhféadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach, sárú féideartha a shainaithint agus moltaí a chur faoi bhráid an Bhallstáit é a cheartú sula ndéanfar aon ní.
-
2000
-
Nollaig Rabhaidh tugtha isteach
Tar éis géarchéim pholaitiúil san Ostair, comhaontaíodh go raibh gá le céim idirmheánach roimh Airteagal 7, chun rabhadh a thabhairt do Bhallstát gan a chearta a chur ar fionraí go hiomlán.
-
1999
-
Bealtaine Tabhairt isteach i gconarthaí an Aontais
Tugadh an smacht reachta isteach i gcóras an Aontais den chéad uair le Conradh Amstardam, agus sonraítear in Airteagal 7 den Chonradh sin gur féidir cearta Ballstáit a chur ar fionraí má sháraíonn sé luachanna an Aontais faoi Airteagal 2 CAE.
An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Feabhra 2025