Skip to content

An smacht reachta

An chaoi a ndéanann an tAontas Eorpach an smacht reachta a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm san Aontas agus sna Ballstáit.

Is cuid bhunúsach de luachanna agus d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh é an smacht reachta, lena bhféachtar chuige go ndéantar cearta na saoránach a chosaint agus dlí an Aontais a chur chun feidhme.

Cuireann an tAontas an smacht reachta i bhfeidhm trí chreat dlíthiúil struchtúrtha agus trí shásraí a ceapadh chun luachanna an Aontais a chosaint agus chun dul i ngleic le sáruithe.

Colláis ina bhfuil colúin ársa na Gréige, agus íomhá de bhantiarna an cheartais agus scálaí agus claíomh ina glac aici.

An smacht reachta - cad é féin?

Leis an smacht reachta, cuirtear de cheangal ar údaráis phoiblí gníomhú i gcomhréir leis an dlí, rud a chinntíonn an trédhearcacht, an chuntasacht agus an comhionannas. Is próiseas daonlathachiolraíoch reachtóireachta é a áiríonn cosaint bhreithiúnach neamhspleách, rochtain ar cheartas, agus scaradh na gcumhachtaí.

Is luach bunaidh de chuid an Aontais é freisin, luach a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cinntítear, dá réir sin, gur ar chreataí dlíthiúla atá gníomhaíochtaí uile an Aontais bunaithe, creataí lena ráthaítear an comhionannas don uile shaoránach uile agus don uile Bhallstát.

Sásraí lena gcoinneofar an smacht reachta ar bun

Baineann an tAontas leas as sásraí éagsúla chun an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn fud fad an Aontais agus na mBallstát.

Airteagal 7

Tugann sé de chumhacht don Aontas cearta Ballstáit a chur ar fionraí más rud é go sáraíonn go mór, arís agus arís eile, croíluachanna an Aontais.

Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Is trí athbhreithnithe idir piaraí a dhéanann an Chomhairle an smacht reachta san Aontas agus sna Ballstáit a athbhreithniú.

Na nósanna imeachta maidir le sárú

Féadann an Coimisiún caingean dlí a thionscnamh i gcoinne Ballstáit a mbeadh an smacht reachta á shárú acu agus cásanna a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Cosaint bhuiséad an Aontais

Féadann an tAontas a bhuiséad a chosaint agus maoiniú a choinneáil siar ó Bhallstáit a mbeadh prionsabail an smachta reachta á sárú acu.

Na blaisíní breise is déanaí

Nósanna imeachta Airteagal 7

Nósanna imeachta Airteagal 7

Sásraí lena ndéantar an smacht reachta a chomhlíonadh

Sásraí lena ndéantar an smacht reachta a chomhlíonadh

An smacht reachta: Cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint leis?

An smacht reachta: Cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint leis?

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026